Scoil Lorcáin

Scoil Lorcáin

Share

Zena Donnelly to represent Ireland! 08/11/2016

Go n-éirí go geal leis an iarscoláire Zena Donnelly i gComórtas Junior Eurovision lena hamhrán féinchumtha Gaeilge Bríce ar Bhríce, tar éis di Chomórtas na hÉireann a bhuachaint le déanaí. Iarscoláirí abú.

Féach an nasc thíos do Zena Donnelly, iarscoláirí, amhrán a chum sí féin, i nGaeilge, a bhuaigh Jun Euro na hÉireann le déanaí. Is féidir an t-amhrán a sheinnt do na daltaí.
http://www.junioreurovision.tv/page/blog?id=zena_donnelly_to_represent_ireland

Go n-éirí go geal léi i gcomórtas na hEorpa.

Zena Donnelly to represent Ireland! Zena Donnelly has won the Irish national selection for the Junior Eurovision Song Contest with her song Bríce Ar Bhríce. The final of Junior Eurovision Éire was broadcast last night on Irish language network TG4.

Photos from Scoil Lorcáin's post 06/11/2016

An mbeidh sibh linn ar an Aoine seo chugainn sa halla nua?

Photos from Scoil Lorcáin's post 26/03/2015

Beidh scoil álainn nua againn go luath!

Photos from Scoil Lorcáin's post 26/03/2015

Tá sé ag fás! (Ó Mí Eanair go Márta)

14/05/2014

Oíche na gCuimhní
Bí linn ar Oíche na gCuimhní Aoine 13 Meitheamh 2014. Ba mhaith linn seans amháin eile a thabhairt d'iarscoláirí, d'iarthuismitheoirí agus d'iarmhúinteoirí cuairt a thabhairt ar an scoil sula dtosaíonn an obair mhór fhorbartha. Cosnóidh an Tionscnamh Athfhorbartha nach mór €3m. Tógfar 12 seomra nua ceangailte leis an scoil mhór, déanfar athchóiriú iomlán ar an scoil mhór féin, agus leagfar an tseanscoil - Scoil na mBuachaillí - ar cúl. leanfaidh an obair 15 mí go hachomair.

Ba bhreá linn slua mór a bheith i láthair. Tá go leor cainte faoi cheana féin. Féach feachtas Facebook ScoilLorcáin agus an slua daoine atá tar éis glacadh leis an gcuireadh ansin. Lean muid ar Twitter ScoilLorcáin. Scaip an scéal, le do thoil, ar aon duine a raibh baint aici no aige leis an scoil. Sílimid gur ócáid iontach shóisialta a bheidh innti. Tá cuireadh á thabhairt againn do gach múinteoir a d'oibrigh sa scoil agus súil againn go mbeidh scata maith acu i láthair. Mar sin beidh seans agat bualadh leo agus cuimhní ar d'am i Scoil Lorcáin a roinnt.

Tá feachtas bhailiú airgid ar a bhaisteamar PREAB á reachtáil againn. Tá breis is €40,000 bailithe againn i dtreo an €100,000 atá uainn. Beidh cuireadh bog á thabhairt againn do chuairteoiri Bríce a cheannach, más acmhainn dóibh e. Is féidir bríce a cheannach ar €50, €100 nó €250 ar an oíche nó tríd an suíomh idir lín seo..

Cuirfimid fíon, beoir agus sóláistí ar fáil don oíche. Má tá grianghrafanna agat bainteach le Scoil Lorcáin ba bhreá linn cóipeanna a fháil, nó d'fhéadfá iad a phostáil ar an suíomh Facebook. Tá roinnt crochta cheana féin.

Tá súil agam go bhfeicfidh mé ann tú.

Colmán Ó Drisceoil, Príomhoide

17/04/2014

Tá sé i gceist againn liosta d’iardhaltaí a chur le chéile. An seolfaidh tú d’ainm, do bhliain and do sheoladh ríomhphoist chugainn? An bhfuil tú in ann cinn eile a bhailiú dúinn? Má tá tú in ann cabhrú, bheimís buíoch dá seolfá d'ainm chuig Anna Ní Choncheanainn [email protected] nó chuig an scoil [email protected].

We are compiling a contact list for past pupils. We are asking them to send us their name, year and email address and to collect other contacts for us. We would appreciate if anybody willing to help would please forward their name to Anna [email protected] or to the school [email protected]

10/04/2014

Nuachtlitir Scoil Lorcáin
Aibreán 2014

Seachtain na Gaeilge
D’éirigh go sármhaith le Féile Sheachtain na Gaeilge anseo i Scoil Lorcáin. Bhain na páistí ard-taitneamh as na gníomhaíochtaí go léir. Ghlac gach páiste páirt i mBricfeasta Fhéile Sheachtain na Gaeilge (tá lán béil ansin agat) agus sa Chéilí le Banna Céilí Naomh Lorcán. D’fhreastal na Naíonáin ar Sheó Puipéad agus chuir siad iad féin in iúl le hEalaín. Bhuail na Naíonáin agus Rang 1 le Ceardlann Drumadóireachta. Thóraigh Rang 1 agus 2 an taisce le cabhair ó Rang 6. D’éist Rang 4 leis an scríbhneoir Áine Ní Ghloinn, thaisteal Rang 5 agus 6 go dtí Gaelscoil Thaobh na Coille do spórt agus Tráth na gCeisteanna. Chuaigh Rang 5 go dtí an Dáil. Thiomáin Rang 6 timpeall na cathrach ar bhus oscailte ag tabhairt cuairte ar Reilig Ghlas Naíon agus Páirc an Chrócaigh. Cheangal Rang 3 agus 4 t-léinte. D’eagraíomar an Chéad Díospóireacht IdirGhaelscoileanna Fhéile Sheachtain na Gaeilge (lán dhá bhéal ansin agat). Ghlac Rang 1-6 páirt i gComórtas Seanfhocal. Rinne Rang 5 agus 6 páirtí léitheoireachta le Rang 2 agus Rang 1. Bhíodar iontach agus bhaineadar taitheamh as. Buíochas le gach duine a chabhraigh agus le Niamh Uí Chroidheáin as é go léir a chomh-ordú.
We had a fantastic time during Féíle Sheachtain na Gaeilge. Among the activities organised were Bricfeasta and Céílí for the whole school. Then we had puppet shows, art, drum workshop, treasure hunts, visiting authors, inter-gaelscoil debating competition, trips to another Gaelscoil, to Croke Park, Glasnevin Cemetary, Dáil Éireann, t-shirt tie-dying, paired reading and a Seanfhocal competition. Some Curriculum work was done also, along the way. Thanks to all who helped to organised and run the events and to Niamh Uí Chroidheáin for co-ordinating all. The children really enjoyed themselves.

Páirceáil
Páirceáil do mhúinteoirí, cabhair ó thuismitheoirí,
Nuair a thosaíonn an athfhorbairt ní bheidh aon pháirceáil ar fáil sa scoil. Má tá aon duine áitiúil in ann spás páirceála a sholáthar bheimis an-bhuíoch.
When the redevelopment project starts there will be no on-site parking for the staff. If anybody living locally was able to provide a parking space we would really appreciate it.

Seachtain Scéalaíochta
Tá Féilte Scéalaíochta eagraithe ag Bn. Uí Lúing don scoil. Beidh na paistí go léir Rang 1-6 ag scríobh scéil don tseachtain seo 7-10 Aibreán ar scoil agus sa bhaile. Ní bheidh aon obair bhaile eile seachas an scéal. Nuair atá na scéalta go léir léite agus ceartaithe ag na múinteoirí beidh deiseanna ag na páistí a scéalta a léamh dá chéile agus beidh seans acu scéalta a chéile a léamh. Bronnfar duaiseanna ar roinnt de na hiarrachtaí is fearr. Is féidir le tuismitheoirí cabhrú trí na scéalta a léamh lena bpáistí agus iad a cheartú leo.
Bn. Uí Lúing has organised an Irish Story Festival. This week Rang 1-6 will be writing stories in school and at home. There will be no other homework. After Easter, when the teachers have corrected the stories, we the children will have a chance to read the stories to other children and to read other children’s stories. There will be prizes for the best efforts. Parents can help by reading the stories as their children compose them and helping to edit them.

Bleibíní agus Crainn
Tá na bleibíní a chuireamar ag fás an bhliain seo caite le feiscint ag fás arís os comhair sheomraí na Naíonán Sóisireach. Chuir na Naíonáin Shóisireacha agus Rang 1 crainn dhúchasacha ag fás i bpotaí in aice leis na bleibíní. Tá súil againn iad seo a thraschur chuig Gairdín nua na Scoile nuair atá an obair ar fad déanta ar an scoil nua.
The bulbs we planted last year have bloomed again in the pots in front of the school. Bean Uí Chroidheáin’s and In. Mhic Giolla Bhríde’s class have just planted native species of trees in pots, which we will transplant when our new school is ready.

Toghchán
Beidh an scoil dúnta ar an Aoine 23 Bealtaine mar go mbeidh sí in úsáid mar Ionad Vótála.
The school will be closed Friday 23rd May because it has been requisitioned as a polling station for the elections.

Clós na Naíonán
Iarraimid ar thuismitheoirí na Naíonán smacht a choimeád orthu nuair a bhailíonn siad iad ag 1.15 in. Ní ceart go mbeidís ag dreapadh ar ráillí ná ag rith isteach i gclóis eile.
We have to ask parents of Naíonáin to keep them under control at 1.15. Please don’t let them climb the railings or run around in other yards.

Comórtas Fichille Ghaelscoileanna Chúige Laighean
D’éirigh go hiontach lenár bhFoireann Fichille i dTeach an Ardmhéara (Mansion House)
Aoine 28 Márta. Thángadar sa dara háit tar éis sár-iarrachta. Comhghairdeas leo uile agus leis an máistir Donnchadh Mac Aogáin. Buíochas le Pól Mag Ruairc a thaisteal leis an bhfoireann.

Foireann: Séadh Ó Corcaráin, James Ó Floinn, Liam Ó Laoide, Conor Mag Ruairc, Jack Mac Searraigh.
Our Chess team came second in the annual inter-Gaelscoil competition in the Mansion House Friday 28th March. They all played superbly. Conor Mag Ruairc won 5 out of 5. When Gary Kasparov – who had been scheduled to attend - heard about him he was so frightened he refused to leave his hotel, ‘In Russia, I feel safe’ he is quoted as saying.

Nóta ón gCoiste
Sintus / Voluntary Contribution
A Thuismitheoir, a chara,
Ba mhaith linn buíochas a ghabháil le gach duine a sheol síntiús 2014 chughainn. Cabhraíonn gach síntiús le himeachtaí a eagrú do na páistí. Fuaireamar cúpla ceist faoin scéim Fhaoisimh Cánach do shíntiúsóire féinmheasúnaithe. Faraor, rinneamar botún inár litir, á rá go bhféadfadh síntiúsóirí féindeonacha faoiseamh cánach a éileamh ar shíntiúis níos mó ná €250. Ach d’athraigh sé seo ó Eanáír 2013 agus anois ní féidir leis an síntiúsóir é seo a éileamh. Is féidir leis an scoil é a éileamh. Ár míle leithscéal faoi seo. Féach thíos nóta ó na Coimisinéirí Ioncaim.
Dear Parents,

We want to thank all of you that have sent in your Sintús for 2014. Every donation helps pay for the events that the children enjoy through the school year.

We have had a few questions about the tax relief scheme in relation to self-assessed donors. In our request letter, we made a mistake and stated that self-assessed donors could claim tax relief on their donations over €250. However, this changed from January 2013, and now self-assessed donors cannot claim this; the school can. Sincere apologies to any self-assessed parents for this error in our letter last year and this year. Please see below from the Revenue.

Thank you again for your support of the school activities for the children.

DAOINE AONAIR
Ceadaítear faoiseamh cánach faoi alt 848A ACCán 1997 maidir le tabhartais a thugtar ar nó tar éis 1 Eanáir 2013 ag daoine aonair (bídís ina gcáiníocóirí féinmheasúnaithe nó ÍMAT amháin) do chomhlacht ceadaithe, ceadaítear an faoiseamh cánach don chomhlacht seachas don tabharthóir.
Déantar tabhartas a chomhlíonann coinníollacha ailt 848A a chomhlánú suas ag an ráta sainithe (31% faoi láthair).

INDIVIDUALS
Tax relief under section 848A TCA 1997 in respect of donations made on or after 1 January 2013 by individuals (whether self-assessed or PAYE-only taxpayers) to an approved body is allowed to the body rather than to the donor.
A donation which satisfies the conditions of section 848A is grossed up at the specified rate (currently 31%).

Iarscoláirí Abú
Coláiste Íosagáin
Comhghairdeas le Foireann Peile Choláiste Íosagáin as Craobh Choláistí na hÉireann a bhuachaint ar an Satharn 5 Aibreán. Éacht gan aon agó. Luaimid iarscoláirí Fionnuala Nic Mhathúna, Alannah Nic Eoin, Caitríona Ní Fhionnagáin, Muireann Ní Ghormáin, Hannah Ní Dheá, Jessica Ní Thóibín agus Caitlín Ní Ghormáin.
Well done to Coláiste Íosagáin on winning the Colleges All-Ireland Football last Saturday, and especially well done to the 7 past pupils involved.

Aisteoireacht agus Ceol
Peadar Ó Cuanáin a ghnóthaigh Gradam IFTA as a aisteoireacht ar Ghrá/Fuath, Colm Breathnach as dlúthdhiosca nua ceoil agus Aislign Jarvis a mbeidh dlúthdhiosca nua léi ag teacht amach go luath.
Pastpupils
Peter Connan – of Love/Hate fame won an IFTA, Colm Breathnach has a new CD out and Aisling Jarvis is about to launch her first CD.

Rugbaí
Comhghairdeas leis an iarscoláire Colm Ó Maolchatha a roghnaíodh le himirt ar fhoireann F18 Rugbaí na hÉireann i gcoinne na hAlban Satharn seo caite, 29 Aibreán. Bhí an bua ag Éirinn. Ba é chéad chaipín Choilm é. Nárab é an ceann deireannach é.
Congratulations to Colm Ó Maolchatha who won his first rugby cap for Ireland U18 Rugby team when beating Scotland last Saturday 29th March in Coolmine.

Bailiú Airgid na bPáistí Rang 3
Dhear Micheál Ó Síocháin, Daithí Goss, Ruairí Ó Fionnalaigh, James Mac Crosáin agus Toby Ó Croimín iris agus dhíol siad cóipeanna. Bhailigh siad €21.80. Rinne Marc Ó hAonghusa, Kim Ní Mhuirí agus Caoimhe Ní Chorráin bráisléid agus bhailigh €10.96. Míle buíochas leo.
Thanks to the children from Rang 3 mentioned above who collected over €30 for PREAB by making and selling bracelets and comics. There is now a moratorium on these collections so that we don’t overcook the Golden Goose.

Boscaí Trócaire
Ba cheart na Boscaí Trócaire a thabhairt ar ais ar scoil idir Luan - Céadaoin 7-9 Aibreán. Táthar á mbailiú ar an 9 Aibreán agus ní bheimid in ann glacadh leo ina dhiaidh sin.
Trócaire Boxes should be returned to the school between Monday – Wednesday 6th – 9th April. They will be collected on the morning of the 9th. We cannot accept them after this.

An Ceoldráma
D'éirigh leis an sraith, An Ceoldráma, ar a raibh páistí ó Scoil Lorcáin trí ainmniúcháin a fháil sna IFTAs sna catagóirí seo a leanas:
1. Childrens/Youth
2. Special Irish Language Award
3. Best Director (Television).
An Ceoldhráma, which starred pupils from the school and In. Uí Labhairí was nominated for three IFTAs.

Féilire Bliantúil
Gheobhaidh tú leis an Nuachtlitir seo Féílire na Scoile don bhliain 2014/15.
This Nuachtlitir includes next year’s school calendar.

Camógaíocht agus Iomáint
Comhghairdeas le buachaillí Rang 2 a d’imir a gcéad chluiche iomána do Scoil Lorcáin an tseachtain seo caite i gcoinne Scoil Naomh Áine. D’éirigh thar barr leo. Tá cailíní Rang 5 agus 6 ag imirt i Roinn 1 le Solweg Ní Fhiaich agus Síle Nic Coitir. Tá cailíní Rang 4 ag traenáil gach Céadaoin le Colmán Ó Drisceoil agus Cristín Reddin. Tá na buachillí Sinsireacha ag déanamh go maith le hAodán Ó Ceallaigh agus Niall Ó Domhnaill agus an chéad chluiche buaite. Tá dhá fhoireann shóisireacha againn don chéad uair i mbliana, le buachaillí Rang 5 ag imirt faoi stiúir Chuáin Uí Fhlatharta agus Orla Uí Choitir agus buachaillí Rang 4 faoi stiúir Chaitríona Uí Choiligh agus Cholmáin Uí Dhrisceoil. Bíonn Cionnaith Mac Gearailt ag cabhrú, chomh maith.
Rang 2 boys played their first hurling match for Scoil Lorcáin last week against St. Annes’, Shankill. The future looks bright. All the boys and girls in Rang 4-6 are getting loads of chances to train and play thanks to the voluntary work of the teachers.

Bronnadh na dTeastas
Beidh Bronnadh na dTeastaisí do Rang 6 ar an Aoine 27 Meitheamh.
Bronnadh na dTeastas for Rang 6 will take place on Friday 27th June.

Traenáil le Cionnaith gach Máirt Rang 2
Traenáil iomána agus peile do chailíní agus do bhuachaillí Rang 2 in aon scoil
Gach Máirt
3.00 – 4.00
Páirc de hÍde
Le Cionnaith Mac Gearailt
Hurling and Football training for Second Class children from any school in Cuala, Hyde Park, Dalkey with Ken Fitzgerald.

PREABlitir
Scoil Lorcáin
Aibreán 2014


PREAB Siar
Bhailíomar €10,000 ar an tSiúlóid Urraithe a bhí againn ar an Aoine 28 Feabhra. Bhaineamar an-taitneamh as an tsiúlóid i ngrian an Earraigh.
Thuilleamar €2,500 ar Phacáil Málaí Marks and Spencers agus €1000 ar Phacáil Málaí Super Valu Ghráinseach an Déin. Míle buíochas leis na tuismitheoirí as Rang 3-6 agus iarscoláirí a chabhraigh leis na hócáidí seo.
Bronnadh €7,500 orainn tar éis dinnéar in Ósta an Rí a d’eagraigh Ellen, Cormac Ó Dúlacháin agus Gearóidín Charlton do lucht dlí a bhfuil ceangal acu le Scoil Lorcáin.
Líonamar 40 bord do Thráth na gCeisteanna ar an Déardaoin 3 Márta. Thógamar €2,700. Buíochas le Bríd Óg Ní Bhuachalla as bheith ina Quixmháistir agus Tim Carey, Siobhán Molloy, Corrina Carrick, Lina Mhic Mhathúna, Robert Behan, Northumberland Institute of Dental Clinic, Peak Physio, Underground Gym, Leinster Rugby, Garáiste Cronin, Ascaill Pháirc an Bhaile Nua as duaiseanna a sholáthar. Comhghairdeas le Cuán, Bríd agus na múinteoirí go léir a chabhraigh leis an eagrúchán.
Tá €27,500 bailithe againn anois i dtreo an €100,000 atá uainn faoin 1 Meitheamh 2014.
Our fundraising continues apace. Thanks for all the super support we’re getting from parents. You contributed €10,000 for the sponsored walk. You brought in €2,500 for the bag packing in Marks and Spencers and €1,000 in SuperValu Deans Grange. A dinner in King’s Inns for the legal profession with associations with Scoil Lorcáin brought in €7,500. The table quiz as part of Seachtain na Gaeilge made €2,700. All in all, you have raised €27,500 towards the €100,000 we need by 1st June 2014. Thanks again.


Seó Faisin Múinteoirí aux mode
agus Dioscó Scoil Lorcáin
Dé Sathairn 17 Bealtaine
Caisleán Chill Iníon Léinín
Doirse ag oscailt 7.30
Seó ag tosú 8.30
Prizes for Best Dressed on the night and reasonably good raffle prizes
Neart duaiseanna sár-iontacha ar an oíche
Ticéid €20 ar fáil sa scoil
Duaiseanna don chrannchur á lorg
Fógraí sa Chlár €200, €100, €50

PREAB ar aghaidh
Pacáil Málaí
Beidh pacáil málaí againn i Super Valu Cill Iníon Léinín agus tuismitheoirí Rang 2 ina bhun ar an Aoine agus Satharn 11, 12 Aibreán. Ansin beidh pacáil málaí again i Dunnes Stores, Cúirt an Choirnéil le tuismitheoirí na Naíonán agus Rang 1 agus tuismitheoirí as na ranganna eile nach raibh in ann cabhrú go dtí seo. Míle buíochas as an gcabhair ar fad.
We’ll have a bag pack in SuperValu, Killiney on by parents of Rang 2 this Friday and Saturday 11th and 12th April. Then we’ll have our last bag pack in May in Dunnes Stores, Cornelscourt on for parents of Naíonáin and Rang 1. Thanks to all who have helped so far or are going to help.

PREAB amach
Ceant Pictiúr
Tá an t-iarscoléire agus an t-ealaíontóir Isobel Henihen tar éis ceann dá pictiúr – Oileán Deilginis ó Chnoc Chill Iníon Léinín - a chur ar ceant chun airgead a bhailiú don scoil. Tá an pictiúr ar crochadh in Oifig na Scoile. Is fiú €350 é. Tá €5 ar na ticéidí. Déanfar an crannchur ar 30 Aibreán. Is féidir ticéidí a fháil ar shuíomh Isobel www.isobelhenihan.com nó in Oifig na Scoile.

Past-pupil and well know local artist Isobel Henihan – has organised a draw for one of her pictures to raise money for Scoil Lorcáin. The picture – Dalkey Island from Killiney Hill – is valued at €350 and is hanging in the school office. Tickets €5 can be boughr on Isobel’s site www.isobelhenihan.com or from the school.

Oíche na gCuimhní
Beidh Oíche na gCuimhní againn ar an Aoine 13 Meitheamh 7.00 – 10.00 sa scoil. Is mian linn seans a thabhairt d’iarscoláirí fásta agus d’iarthuismitheoirí cuairt dheireanach a thabhairt ar Scoil Lorcáin sula dtosaíonn an obair fhorbartha. Seans iontach a bheidh ann do sheanchairde bualadh lena chéile arís. Bheimís buíoch dá scaipfeadh sibh an scéal.
We’re going to have a night of memories for adult past-pupils and past parents on Friday 13th (I know) June. It will be a last chance to visit the old school before the redevelopment starts. It will be great opportunity for old classmates and friends to meet up again. Please spread the word.

Lean muid ar
Twitter
Facebook
www.scoillorcain.ie

Photos from Scoil Lorcáin's post 07/04/2014

"Anois teacht an earraigh,
beidh an lá dul chun síneadh…"

Photos from Scoil Lorcáin's post 31/03/2014

Tá sé ag fás…!

Photos from Scoil Lorcáin's post 19/03/2014

Preab chun siúil – Siúlóid Urraithe
D’éirigh go hiontach leis an Siúlóid Urraithe a bhí againn ar an Aoine 28 Feabhra Ghlac an scoil ar fad páirt ann agus bhí neart tuismitheoirí ag cabhrú agus ag siúl fresin. Bhí an t-adh linn leis an aimsir- b’iontach a bheith thíos cois farraige ar a leithid de lá!

The sponsored walk by the whole school on Friday 28th February was a great success. There were plenty parents helping and walking with the children and their teachers. The weather was with us- it was a gorgeous day to be down by the sea!

Photos 19/03/2014

Bailiúchán Éadaí
D’éirigh chomh maith céanna leis an mbailiúchán éadaí a d’eagraíomar. Arís, míle buíochas le gach duine a chabhraigh linn. Bhailíomar luach €2,500 éadaí agus leabhar. Sin €5,000 bailithe againn, cheana féin, agus gan ach €95,000 le bailiú.

Thanks, again, to all who helped with our clothes collection, which was decided upon to raise some money without hitting anyone’s purse. We made €2,500 from the clothes and books, which means the children have raised €5,000 already. Only €95,000 to go.

07/02/2014

Nuachtlitir Feabhra 2014
Preablá Scoil Lorcáin
Bhaineamar an-taitneamh as Preablá Scoil Lorcáin ar an Aoine 17 Eanáir. Míle buíochas leis na páistí agus na múinteoirí as páirt a ghlacadh sa lá agus leis na tuismitheoirí as an tacaíocht. Bhailíomar €2,100 leis an lá agus €400 ar Dhíolachán Bréagán Rang 3. Tús iontach a bhí ann d’Fheachtas PREAB chun €100,000 a bhailiú.

We had a jumping great day for PREABlá Scoil Lorcáin on Friday 17th January. The children enjoyed the various activities. Thanks to all the teachers and parents who helped. We raised €2,100 on the day and €400 on Rang 3s toy sale.

Bailiúcháin eile
Míle buíochas leis na cailíní i Rang 4 – Grace Ní Shúilleabháin, Róisín Ní Drisceoil, Anna Curraoin, Éabha Ní Dhochraigh agus Croía Ní Thréinfhir i Rang 2 - a chuaigh abhaile tar éis PREABlá agus a d’eagraigh díolacháin bheaga cístí do Scoil Lorcáin. Is féidir síntiús d’aon ócáid atá á reáchtáil againn a dhéanamh via www.scoillorcain.ie.
Thanks to the girls in Rang 4 and Rang 2 who went home and organised small cake sales for Scoil Lorcáin after the PREABlá and made €30 between them for PREAB. Donations for any of the events we’re organising can be made via www.scoillorcain.ie

Bailiúchán Éadaí
D’éirigh chomh maith céanna leis an mbailiúchán éadaí a d’eagraíomar. Arís, míle buíochas le gach duine a chabhraigh linn. Bhailíomar luach €2,500 éadaí agus leabhar. Sin €5,000 bailithe againn, cheana féin, agus gan ach €95,000 le bailiú.
Thanks, again, to all who helped with our clothes collection, which was decided upon to raise some money without hitting anyone’s purse. We made €2,500 from the clothes and books, which means the children have raised €5,000 already. Only €95,000 to go.

Preab chun siúil – Siúlóid Urraithe
Beidh Siúlóid Urraithe á reachtáil againn ar an Aoine 14 Feabhra – Siúlóid an Ghrá. Tabharfaimid na cártaí amach do na páistí inniu Máirt 4 Feabhra agus amárach. Beidh an scoil ar fad ag glacadh páirte agus beidh fáilte roimh thuismitheoirí agus cairde teacht linn. Imeoidh na ranganna ar shiúlóidí éagsúla ag braith ar a n-aoiseanna. Tarlóidh sé seo go léir idir 11.30 agus 2.00 in. Is idir an scoil féin, Rinn na Mara agus Cé Dhún Laoghaire a bheidh na cosáin siúil. Preab linn ar an tsiúlóid seo.
We’ll be organising a sponsored walk by the whole school on Friday 14th February, St. Valentine’s Day – the walk of love. Parents, family and friends are welcome to come along and take part. The children will go on various walks depending on their age, all between the school, Seapoint and Dún Laoghaire West Pier. Children will be given sponsorship cards today Tuesay 4th February or tomorrow 5th. Hop along with us on this walk.

Seachtain na Scoileanna Caitliceacha
D’eagraíomar Seirbhís Paidreacha ar an Aoine seo caite chun clabhsúr a chur le Seachtain na Scoileanna Caitliceacha. Buíochas le Solweg Ní Fhiaich, Paula Uí Mhurchú agus Fionnuala Uí Chróinín as an obair a rinne siad.
We had a prayer service in the hall for all the classes last Friday with prayers and hymns to celebrate Catholic Schools Week.

Tráth na gCeisteanna
Comhghairdeas leis na páistí a bhí ar an trí fhoireann a chuireamar isteach ar Thráth na gCeisteanna na gComhar Creidmheasa. Tháinig foireann amháin sa dara háit agus an dá fhoireann eile sa chomh-thríú háit.
Foireann a chríochnaigh sa tarna háit le 63/72 Aoife Ní Niallagáin, Cathal Ó Duibhir Baoill, Peadar Mac Mánuis agus Jack Mac Tiarnáin
Foirne a chríochnaigh sa tríú háit 62/72 Sorcha Ní Fhionnaláin, Ciarán De Brún, Oisín De Hál, Naoise Mac Conghail
Sally Howard Ihle, James Ó Floinn, Colm Ó Céirín agus Lúc Ó Tuama
Buíochas le Bríd Firtéar agus Cuán Ó Flatharta as an obair a rinne siad air seo.
Congratulations to the three teams we entered in the Credit Union competition. One team placed second and the other two joint third. Thanks, also, to the teachers involved who prepared thoroughly and attended the quiz last Friday night.

Iarscoláirí Abú
Tá áthas orainn go bhfuil beirt iarscoláirí – Síomón Ó Timlín agus Colm Ó Cróinín ag imirt go rialta ar Fhoireann Shinsireacha Iomána Bhaile Átha Cliath anois. Comhghairdeas leo.
It’s great to see to past-pupils featuring regularly on the Dublin Senior Hurling team this season. Well done to Colm Ó Cróinín and Síomón Ó Toimlín, both of whom won medals in Croke Park with Scoil Lorcáin. We have other past pupils playing underage camogie/hurling and football with Dublin and we hope to see more of them make the senior grade in the years to come.

Cúrsaí Ceoil
Tá seisiún ceoil gach Céadaoin ag am lóin tosaithe againn do dhaltaí Rang 4-6. Tá an chuma orthu go bhfuilid ag baint taitnimh as. Buíochas le Ciara Nic Giolla Bhríde agus Richeal Ní Thighearnaigh as a gcabhair leis seo. Beidh seans ag páistí Rang 5 seinnt ag Ceol ag Am Lóin go luath.
We’ve initiated a lunch time session on Wednesdays for children in Rang 4-6 who play traditional music. Everyone seems to be enjoying it. Thanks to Ciara Nic Giolla Bhríde and Richeal Ní Thighearnaigh for their work with this. Rang 5 will be having their lunchtime Ceol ag Am Lóin over the next few weeks, where they will get the chance to play for their fellow pupils.

Camógaíocht agus Iomáint
Leanann traenáil iomána do bhuachaillí Rang 4-6 gach Máirt agus Céadaoin, sa Linn Ghorm sa drochaimsir agus i mBóthar Bhaile Thomáis nuair a thagann t-aiteall. Bínn traenáil camógaíochta ag na cailíní Rang 4-6 gach Céadaoin. Míle buíochas leis an múinteoirí go léir atá ag cabhrú go deonach leis an spórt seo a chur ar fáil do na páistí.

Dráma Grinn Raidió na Gaeltachta
Is fiú éisteacht leis Na Semples a bhíonn le cloisteáil gach Máirt agus Déardaoin mar chuid de chlár Rónán Beo @3, agus mír eile Dé Sathairn mar chuid de Thall 's Abhus.
Scéal mhuintir Semple a bhíonn á insint sa dráma seo. Teipeann ar ghnó Aindí Semple, agus glacann an banc seilbh ar theach an teaghlaigh i mBaile Átha Cliath. Socraíonn siad aistriú siar go Conamara, go Camus, chun cónaí le muintir Bhridie, a bhean chéile, fad is atá an seanteach á réiteach dóibh thiar.
A new radio drama on Raidió na Gaeltachta - Na Semples – is well worth a listen. There are three episodes of Na Semples each week - on Tuesday and Thursday on Rónán Beo @3, and a longer episode on Saturdays as part of Thall 's Abhus. The Semple family from Dublin has relocated to Connemara and the show follow their travails as they try to settle into a new life. It’s quite amusing.

Scileanna Peile agus Iomána
Tá Cionnaith Mac Gearailt ag déanamh scileanna peile agus iomána le Rang 1 agus 2 gach Luan i rith am scoile go dtí 10 Márta. Beidh Rang 3 agus na Naíonáin Shóisireacha ag fáil a seans le Cionnaith ansin.
Cionnaith Mac Gearailt, Gaelic Games coach from Cuala CLG has started hurling and football skills with Rang 1 and 2 every Monday during school time. This will continue until March 10th. Naíonáin Shóisireacha and Rang 3 will be getting their chance with Cionnaith then.

Cúrsaí Creidimh
Chéad Fhaoistin do Rang 2 leis an Athair Lomán 11 Feabhra.
Rang 2 First Confession Tuesday 11th February.
Aifreann na nGeallúintí Rang 6
Céadaoin 26 Feabhra 8 in sa scoil.
Rang 6 Aifreann na nGeallúintí, Wednesday 28th February.

Cabhair á lorg
Tá cabhair á lorg againn ó thuismitheoirí do
An tSiúlóid Urraithe ar an Aoine 14 Feabhra.
Aifreann na nGeallúintí 8 in Céadaoin 26 Feabhra, chun cupán tae a chur ar fáil.
Más féidir leat cabhrú labhair le Rós in Oifig na Scoile.
We’re looking for help, as usual.
Can you help with our sponsored walk Friday 14th February 11.30 – 2.00 walking with and helping to supervise the children.
Wednesday 28th February, help with providing a cup of tea to Rang 6 and their parents after Aifreann na nGeallúintí at 8 pm.
Please talk to Rós in the office if you can help or for the sponsored walk send an email to [email protected]"> [email protected]
Ranganna Gaeilge Choiste na dTuismitheoirí
Dé Luain Rang do thosaitheoirí,
Déardaoin, rang meánleibhéil, 8-9 in
Irish Classes
Mondays February/March, Real Beginners
Thursday February/March, basic level 8-9 pm,
Cuir glaoch ar Lara: Contact Lara Henry: 0851448158

Campa Ealaíne
Dáta: 14 – 17 Aibreán
Am: 10 rn – 2 in
Aois: 7 – 12 Bl
Costas: €65
Eolas Breise: Caitríona Scollard 087-9651082

Snámh
Áiteanna fós ar fáil .
Places still available le gach rang/aois sa scoil
Costas: .00 (E8.00 per class)
Good value!
Faigh foirm as Oifig Ros no cuir glaoch ar Joanne Wylde 087 6111908.

Ógras
Cúrsa Samhraidh, Iúil 2014
Cabinteely Community School
23 June – 4 July
01-4751487,
[email protected]"> [email protected], www.ogras.ie

Litir ó Chonradh na Gaeilge
LÁ MÓR NA GAEILGE i mBaile Átha Cliath ar 15 Feabhra 2014 ag tosú ag 14.00 ó Chearnóg Parnell. Is éard a bheidh i gceist leis an lá ná mór-léiriú tacaíochta don Ghaeilge le cur ina luí ar an Rialtas, thuaidh agus theas, gur gá cothrom na Féinne a thabhairt don teanga agus dá lucht labhartha. Beidh craic agus spraoi ag baint leis an lá freisin, le ceol ó bhannaí ceoil ar nós Seo Linn, péinteáil aghaidheanna, amhránaíocht, srl.
Tá sé mar sprioc ag an lá brú a chur ar na Rialtais an tábhacht agus an luach a bhaineann leis an nGaeilge don tír a aithint, móide aitheantas a thabhairt don fhíric go bhfuil tacaíocht ag móramh mór den phobal don teanga.
Bheimis an-bhuíoch díot dá bhfeadfadh do theaghlach tacú le LÁ MÓR NA GAEILGE trí fhreastal ar an lá agus trí labhairt le tuismitheoirí eile faoin lá freisin más féidir.
Bígí linn ar an lá. Táimid ag súil le slua mór agus chuirfeadh do chúnamh go mór le rath na hócáide.
Letter from Conradh na Gaeilge
We are writing to you seeking your family’s support for LÁ MÓR NA GAEILGE that will take place in Dublin on the 15th of February 2014 starting at 14.00 at Parnell Square. This day will show the Governments, north and south, that the Irish language has huge support and impress on them that they must ensure fairness for the language and its speakers. This event will be fun too, with bands such as Seo Linn, face-painting for kids, singing, etc.
The aim of the day is to put pressure the governments to acknowledge the importance and value of the language and in addition, to recognise that the majority of the community support the language. Therefore, the governments have a moral and representative obligation to ensure that every citizen has an opportunity to use their language with the state, if they so wish. We would greatly appreciate if your family could support the day by attending the LÁ MÓR NA GAEILGE and by spreading the word to other parents about the day, if possible.
Do join us on the day. We’re expecting a big crowd and your presence will help make this event a success.
Further information about the day is available from Julian at [email protected]"> [email protected]

Alt Taighde

Cognitive Advantages of Second Language Immersion Education

The linguistic and educational success of second language immersion education is now well established. What has been less clear until recently was whether children who attend immersion programs show the same kind of advantages in cognitive skills, such as metalinguistic awareness and executive control, as do children who are early bilinguals. Metalinguistic awareness is our explicit knowledge of different aspects of language (sounds, words, syntax, and so on) and, when needed, our capacity to talk about these properties. It is crucial in the development of literacy, for example. As for executive control (also known as executive function), it is a set of complex cognitive processes that include attention, inhibition, monitoring, selection, planning, and so on. Inhibitory control, working memory, and cognitive flexibility are three core aspects of executive control.
In a recent study, York University professor Ellen Bialystok and her colleagues Kathleen F. Peets and Sylvain Moreno studied the development of metalinguistic awareness in children becoming bilingual in an immersion education program. They gave different tasks to second and fifth grade English-speaking children in a French immersion program and compared their results with those of children in a regular English program. The tasks involved morphological awareness (adding correct morphological forms to nonsense words), syntactic awareness (making grammaticality judgments), and verbal fluency (generating words that belong to a semantic category or that begin with an initial letter). These three tasks differed in their need for executive control, from the least in the first task to the most in the third task.
The researchers found that the metalinguistic advantages reported in studies of early bilinguals emerged gradually in these immersion children, with tasks requiring less executive control giving positive results sooner than tasks requiring more executive control. Thus all immersion children outperformed their monolingual counterparts in the morphological awareness tasks, even after two years of immersion, and fifth grade immersion program children were more accurate in the syntactic awareness tasks than their monolingual counterparts. The verbal fluency tasks began as a problem for the younger children in the immersion program (literacy instruction in English only starts in third grade) but the older children had regained the ground and performed equivalently to monolingual children. The authors concluded that the advantages previously reported for early bilingual children could already be detected in children learning another language in an immersion program.
What about the advantages in executive control as such that children brought up bilingually show systematically over their monolingual counterparts? Do immersion children also show these advantages? Belgian scientists Anne-Catherine Nicolay and Martine Poncelet examined this. They tested third grade French-speaking children in an English immersion program and compared them to a similar group following a monolingual curriculum. They assessed attentional and executive skills by means of six different tasks such as alerting, auditory selective attention, divided attention, mental flexibility, and so on.
The results they found showed that in four of the six tasks, the immersion children did better than their monolingual counterparts. This is quite remarkable as the children had only had three years of immersion education which involves less intensive exposure to a second language than in early bilingualism. And yet, the immersion experience had already produced some of the cognitive benefits associated with early bilingualism.
The one negative finding that surprised the researchers (i.e. no difference between the two groups) concerned interference inhibition. In the task they used, the flanker task, children were presented with a central arrow pointing to the left or to the right, and flanker arrows above or below pointing in the same direction or in the opposite direction (in this latter case, the flanker arrows create an interference that has to be inhibited in order to answer correctly). Children had to concentrate on the central arrow and press a left button when the central arrow pointed to the left and a right button for the arrow pointing to the right. The authors explained the lack of a difference between the two groups by the fact that young emerging bilinguals in immersion programs (third grade children here) have not yet had much practice at inhibiting interference since they devote less time to second language production in a classroom situation than in real life.
Do children who have had further experience of immersion education show better control of interference inhibition? The answer comes from a paper by Ellen Bialystok and Raluca Barac who also used a flanker task but this time in two different studies with immersion children. In the first, they tested second and third graders who attended school in Hebrew, and in the second, they tested second and fifth graders in a French immersion program. In both studies they found that executive control performance improved with increased experience in a bilingual education environment. Basically, the length of time spent in an immersion program—some of their children had had two more years of immersion than in the Belgian study—determines the extent to which executive control is affected.
So the news is excellent for all those who are putting time and energy in immersion education—teachers and staff, parents and, of course, children. As Ellen Bialystok, Kathleen F. Peets and Sylvain Moreno state so nicely: “The road to bilingualism is incremental, and so are the accrued advantages”.
François Grosjean, Ph.D., is Emeritus Professor of psycholinguistics at the University of Neuchâtel, Switzerland and the author of Bilingual: Life and Reality, among other books.

Want your school to be the top-listed School/college in Monkstown?

Click here to claim your Sponsored Listing.

Location

Telephone

Address


Monkstown