Acadamh Ghaoth Dobhair

Acadamh Ghaoth Dobhair Contact information, map and directions, contact form, opening hours, services, ratings, photos, videos and announcements from Acadamh Ghaoth Dobhair, College & University, Doirí Beaga, Leitir Ceanainn.

🚀 ACADAMH na nÓGTeicneolaíocht • Códú • CruthaitheachtFoghlaim. Cruthaigh. Tóg. Bain triail as!👩‍💻 Códú🤖 Róbataic💡 Leict...
09/09/2026

🚀 ACADAMH na nÓG

Teicneolaíocht • Códú • Cruthaitheacht

Foghlaim. Cruthaigh. Tóg. Bain triail as!

👩‍💻 Códú
🤖 Róbataic
💡 Leictreonaic
🖥️ Raspberry Pi & BBC micro:bit
🛠️ Déanamh digiteach

Cúrsa 6 seachtaine do pháistí ó Rang 4–6

📍 Ionad an Acadaimh, Gaoth Dobhair
🗣️ 100% trí Ghaeilge
💶 €100 – praghas fóirdheonaithe
(€160 de ghnáth)

Tabhair deis do do pháiste teicneolaíocht a fhiosrú, a chuid smaointe féin a chruthú agus scileanna don todhchaí a fhorbairt.

Acadamh na nÓg – áit a dtagann an Ghaeilge agus an teicneolaíocht le chéile.

Ollscoil na Gaillimhe | University of Galway

Le tacaíocht ó MPTIT – Meitheal Pleanála Teanga an Iarthuaiscirt

👇👇
https://www.universityofgalway.ie/youthacademy

Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge

Cuireann muid fáilte roimh ghrúpa úr don tSeimeastar Gaeltachta i mbliana ó Ollscoil na Gaillimhe agus ón Choláiste Olls...
08/09/2026

Cuireann muid fáilte roimh ghrúpa úr don tSeimeastar Gaeltachta i mbliana ó Ollscoil na Gaillimhe agus ón Choláiste Ollscoile, BÁC. Tá na mic léinn seo uilig ag déanamh staidéar ar an Ghaeilge agus beidh siad linn ar feadh 12 sheachtain. Tá siad ag fanacht le teaghlaigh Ghaeltachta, ag déanamh ranganna san Acadamh agus ag fáil blaiseadh maith de shaol agus de chultúr na Gaeltachta. Fuair muid an deis inné le siúlóid dheas a dhéanamh ó thrá Mhachaire Chlochair go trá Mhachaire Gathlán. Fáilte romhaibh, a chairde.

University of Galway University College Dublin Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge

07/09/2026

Uas-Sciliú sa Ghaeilge
Léiriú Spéise do gach Múinteoir Bunscoile, SNAnna agus Tuismitheoirí | Dioplóma Gaeilge i gcomhar le hOllscoil na Gaillimhe
Comhthéacs
Tá fiosruithe faighte ag Ionad Tacaíochta Oideachais Dhún na nGall le míonna beaga anuas ó mhúinteoirí bunscole faoi uas-sciliú sa Ghaeilge. Tá teagmháil déanta ag Ionad Tacaíochta Oideachais Dhún na nGall le hOllscoil na Gaillimhe, maidir le húsáid Ionad Tacaíochta Oideachais Dhún na nGall mar ionad chun an dioplóma seo a óstáil.
Imlíne
Is clár páirtaimseartha dhá bhliain é an Dioplóma sa Ghaeilge. Roinnfear tuilleadh eolais maidir le ranganna agus amchlárú ag an seisiún eolais tosaigh; nuair a bheidh an fhoirm iarratais comhlánaithe ag rannpháirtithe agus í curtha faoi bhráid Ollscoil na Gaillimhe. Cliceáil ar an nasc le spéis a chlárú faoin Déardaoin 10 Meán Fómhair 2026 https://www.acadamh.ie/acadamh/cursai/cursai_dioploma/.
Nuair a thaispeántar léiriú spéise, ní mór triail inniúlachta teanga a chríochnú chun measúnú a dhéanamh ar an leibhéal is fearr a oireann don rannpháirtí.
Tús an Chláir
Tá ranganna le tosú sa tseachtain, ag tosú ar an 14ú Meán Fómhair 2026. Beidh solúbthacht ann chun tosú ar an tseachtain an 21ú Meán Fómhair, má thagann an gá chun cinn. Beidh Conchúr MacGiolla Eáin, léachtóir le hOllscoil na Gaillimhe, mar theagascóir an chúrsa. [email protected]
Beidh ranganna ar siúl in Ionad Tacaíochta Oideachais Dhún na nGall tráthnóna Déardaoin ó 4 pm – 6 pm.
Táillí
Is é an táille don chúrsa ná € 990 in aghaidh na bliana (€ 660 d'iarscoláirí Ollscoil na Gaillimhe); d'fhéadfadh páirtithe leasmhara tacaíocht airgeadais a chur ar fáil.

Tá cúrsaí Gaeilge Ghael Linn do dhaoine fásta san Acadamh ag dul ó neart go neart chuile bhliain le rannpháirtithie ó ch...
06/08/2026

Tá cúrsaí Gaeilge Ghael Linn do dhaoine fásta san Acadamh ag dul ó neart go neart chuile bhliain le rannpháirtithie ó chuile chearn ag freastal orthu. Tá cúrsa B faoi lán seoil anseo san ionad an tseachtain seo, le breis is 150 mac léinn. Fáilte mhór romhaibh go léir go Gaoth Dobhair!

Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge University of Galway

03/08/2026

Bhí Andy Caomhánach, Léachtóir le Teicneolaíocht Faisnéise in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge le feiceáil ar Nuacht RTÉ agus ar Nuacht TG4 tráthnóna inné. Labhair sé faoi rialacháin AI nua atá tagtha i bhfeidhm ar fud an AE.

University of Galway

Bhí oíche mhór craic agus ceoil aréir ag mic léinn Hibernia i dTeac Jack. Buíochas le Críostóir, Colm agus MartinAcadamh...
21/07/2026

Bhí oíche mhór craic agus ceoil aréir ag mic léinn Hibernia i dTeac Jack. Buíochas le Críostóir, Colm agus Martin

Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge University of Galway

Tá ár gcuid mac léinn as Ollscoil Iarthar Washington ag caitheamh na seachtaine seo in Áras na Gaeilge in Ollscoil na Ga...
17/07/2026

Tá ár gcuid mac léinn as Ollscoil Iarthar Washington ag caitheamh na seachtaine seo in Áras na Gaeilge in Ollscoil na Gaillimhe faoi stiúir an Dr Dorothy Ní Uigín.

Tá siad ag baint sult as Cathair na dTreabh ach thug siad cuairt ar chúpla láthair i gConamara chomh maith: TG4, RnaG, Teach an Phiarsaigh, an tAcadamh ar an Cheathrú Rua agus Trá an Dóilín ina measc.

Míle buíochas le hachan duine a chuir fearadh na fáilte rompu. Bhí an-spórt acu ag cur i láthair na haimsire i TG4!

Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge University of Galway Western Washington University TG4 Raidió na Gaeltachta (Oifigiúil) Ionad Cultúrtha an Phiarsaigh, Conamara Niall Ó Murchú Fairhaven College, Western Washington University

Address

Doirí Beaga
Leitir Ceanainn
F92V2AW

Opening Hours

Monday 9am - 5:30pm
Tuesday 9am - 5:30pm
Wednesday 9am - 5:30pm
Thursday 9am - 5:30pm
Friday 9am - 5:30pm

Telephone

+353749531919

Alerts

Be the first to know and let us send you an email when Acadamh Ghaoth Dobhair posts news and promotions. Your email address will not be used for any other purpose, and you can unsubscribe at any time.

Contact The School

Send a message to Acadamh Ghaoth Dobhair:

Shortcuts

Share