Flóra Chois Fharraige

Flóra Chois Fharraige Tugann an leathanach seo léargas ar phlandaí (flóra) coitianta agus neamhchoitianta atá le feice

Sílim gur Grafán Bán na gCloch (Sedum album) atá le feiceáil sa bpictiúr seo. Tá bláthann bána air, le hais na bláthanna...
01/09/2022

Sílim gur Grafán Bán na gCloch (Sedum album) atá le feiceáil sa bpictiúr seo. Tá bláthann bána air, le hais na bláthanna bána/bándearga atá ar an súmharán dúchasach atá coitianta i gCois Fharraige, Póiríní Seangáin (Sedum anglicum). Tá duilleoga níos mó ar S. album freisin.

Ní planda dúchasach é seo agus ní planda coitianta sa gceantar é ach an oiread. Chonaic mé ar phortach Chois Fharraige an ceann seo, i bhfad ó aon teach, agus is dócha gur éalaitheach gairdín é, a scaip le cúnamh ó na héin.
 
Tá an bláth seo coitianta i gCorca Dhuibhe (Flóra Chorca Dhuibhne, 1995), agus dar le húdair an leabhair sin, d’éalaigh Grafán Bán na gCloch ó ghairdíní sa 19ú aois. Is dóigh gur le gairid a d’éalaigh an planda san íomhá thuas.



Ilbhliantóg dhúchasach é seo, Barr an Mhilltigh Mara (Triglochin maritima), le spící fada caola as a bhfásann bláthanna ...
31/08/2022

Ilbhliantóg dhúchasach é seo, Barr an Mhilltigh Mara (Triglochin maritima), le spící fada caola as a bhfásann bláthanna beaga bídeacha le peitil ghlasa.   

Mura bhfuil tú cúramach cheapfá gur Slánlus Mara (Plantago maritima) atá ann, seachas go bhfuil spíce Barr an Mhilltigh Mhara níos airde, agus tá duilleoga iomlán difriúla acu.

Fásann sé ar ghaineamh fliuch agus cóstaí riascacha Chois Fharraige, nuair nach bhfuil clocha ná gainimh idir an talamh agus an fharraige, ach créafóg agus puiteach fliuch. Tagann fíoruisce agus uisce sáile le chéile breachsháile a dhéanamh. Is gnáthóga spéisiúla iad seo, roinnt mhaith acu in oirthear Chois Fharraige, ina bhfásann an Luibh Bhléine (Aster tripolium) agus luachra éagsúla.

Tá an nimh ciainíd sa bplanda seo, agus tá sé marfach do bheostoc.



Níl an Marbhdhraighean (Agrimonia eupatoria) faoi bhláth níos mó i gCois Fharraige, ach tá an planda fhéin fós linn, ans...
30/08/2022

Níl an Marbhdhraighean (Agrimonia eupatoria) faoi bhláth níos mó i gCois Fharraige, ach tá an planda fhéin fós linn, anseo agus ansiúd ar thaobh bhóithríní an cheantair. Is ilbhliantóg dhúchasach é agus fásann na bláthanna beaga buí ar spící fada caola.

Is é seo ceann de na plandaí a bhaintí go leor úsáide as san am atá caite – cógas leighis, ábhar draíochta, nó le dath a chur ar éadaí.  Dar le Cameron (1883) ciallaíonn “Marbh Dhroighin” nó “Marbh-dhruidh” draoi a bhí ag pléigh le draíocht na marbh (marbhdhraíocht=necromancy). Tá Airgeadán, Géar-bhileach (duilleoga géara, nó searbha), Méirín na Má (“ceann atá sásta sa ngarraí”?), agus Tae Fiáin air freisin.

Tá an Marbhdhraighean Cumhra (Agrimonia procera) ag fás in Éirinn freisin, cé nach bhfuil sé chomh coitianta leis an Marbhdhraighean, agus níl idir an dá phlanda ach difríochtaí an-chaolchúiseach (sna torthaí den chuid is mó), agus d’fhéadfadh sé gur A. procera atá san íomhá.



Ní fheictear an Ghlúineach Uisce (Persicaria amphibia) ach anseo agus ansiúd i gCois Fharraige, in aice le háiteanna fli...
29/08/2022

Ní fheictear an Ghlúineach Uisce (Persicaria amphibia) ach anseo agus ansiúd i gCois Fharraige, in aice le háiteanna fliucha den chuid is mó. Faightear in uisce é, nó i riascanna, nó i dtalamh fhliuch (is anseo a bhí an ceann sa bpictiúr ag fás).

Tá an planda sa bhfine Polygonaceae. Ciallaíonn ‘poly’, ‘go leor’, agus ‘gony’, ‘alt’ nó ‘glúin’ agus glaoitear seo ar an bhfine mar go bhfuil go leor nóid nó ailt i ngasanna na bplandaí. Is mar gheall ar seo a thugtar ‘Glúineach’ ar phlandaí sa bhfine seo, mar go bhfuil go leor glúnta acu.

Chomh maith leis an nGlúineach Uisce, tá an Ghlúineach Dhearg (P. maculosa) agus an Ghlúineach Bhiorach (Reynoutria japonica) i gCois Fharraige, agus tá an Samhadh Bó (Rumex acetosa), an Samhadh Caorach (R. acetosella) agus an Chopóg Sráide (Rumex obtusifolius) sa bhfine céanna.

Agus, mar a tharlaíonn sé,  chonaic mé an Biorphiobar (Persicaria hydropiper) i gCois Fharraige den chéad uair inné freisin.



Is í an Odhrach Bhallach (Succisa pratensis) ceann de na bláthanna is coitianta ar phortach Chois Fharraige anois. Is bl...
28/08/2022

Is í an Odhrach Bhallach (Succisa pratensis) ceann de na bláthanna is coitianta ar phortach Chois Fharraige anois. Is bláth beag gorm nó corcra a bhíonn ar an bplanda go hiondúil, ach tá bláthanna bána agus bándearga le feiceáil ar an bplanda freisin (mar a fheictear sna híomhánna seo).

Tá neart ainmneacha eile ag an bplanda seo, Greim an Diabhail agus an Odhrach Mhullach ina measc. Nílim cinnte céard é Odhrach. Tá ‘urach’ - a chiallaíonn buidéal (ie cruth buidéil ar an mbláth) - mar mhíniú ag John Cameron (Gaelic Names of Plants, 1883), agus go bhfaighidh mé míniú níos cruinne, déanfaidh sé. Agus ansin Ballach=Mullach=barr an phlanda (Séanadh - ní saineolaí teanga mé).

Bhí an oiread sin tinnis a bhí an Odhrach Bhallach in ann a leigheas, de réir an bhéaloidis, gur chuir sé fearg ar an diabhal agus ghearr sé píosa den rúta, agus is uaidh sin a tháinig an t-ainm Greim an Diabhail agus an t-ainm Béarla (Williams 1993). Is léir go mbreathnaíonn an rúta ar nós gur bhain duine plaic as, ach níor tharraing mé aon cheann aníos fós le go bhfeicfidh mé!

Tá an Odhrach Bhallach sa bhfine Caprifoliaceae, in éineacht leis an gCeathrú Uain (Valerianella locusta) agus an Fhéithleog (Lonicera periclymenum) – atá le feiceáil i gCois Fharraige freisin.

In éindí leis an Odhrach Bhallach, tá an Néalfartach (Potentilla erecta) fós faoi bhláth ar an bportach, ach seachas sin níl mórán bláthanna eile fágtha.  



Duán na gCaorach (Jasione Montana) atá ar an mbláth beag gorm seo atá coitianta i gceantair le créafóg thirim aigéadach....
27/08/2022

Duán na gCaorach (Jasione Montana) atá ar an mbláth beag gorm seo atá coitianta i gceantair le créafóg thirim aigéadach. Luibh an ghalair cam atá air i Flóra Chorca Dhuibhne (1995), agus dar le húdair an leabhair seo ceapadh go raibh leigheas do chaora sa bplanda seo. Nílim cinnte faoin tagairt do na duáin, b’fhéidir go mbreathnaíonn cuid den phlanda cosúil le duán?

Breathnaíonn an bplanda cosúil leis an Odhrach Bhallach nó Greim an Diabhail (Succisa pratensis, a bheas faoi chaibidil amárach…), ach níl siad sa bhfine céanna. Tá Duán na gCaorach sa bhfine Campanulaceae, in éineacht le Plúr an Locháin (Lobelia dortmanna) agus an Méaracán Gorm (Campanula rotundifolia) a bhí faoi thrácht ar an gcuntas roimhe seo.

Bláthaíonn sé ó thús an tsamhraidh go deireadh Mheán Fómhair, agus tá roinnt de fós le feiceáil i gCois Fharraige.



Tá Cois Fharraige cludaithe leis an gCréachtach (Lythrum salicaria) corcra an t-am seo den bhliain. Fásann sé i raon lea...
26/08/2022

Tá Cois Fharraige cludaithe leis an gCréachtach (Lythrum salicaria) corcra an t-am seo den bhliain. Fásann sé i raon leathan gnáthógaí, ón bportach go cladach, ach is in aice le háiteanna fliucha is minice a fheictear ag fás é.

Bhaintí úsáid as mar chógas leighis fadó, ach nílim cinnte an raibh sé in úsáid chun créachtaí a leigheas, in ainneoin go bhfuil sé seo tugtha le fios san ainm.

Is ilbhliantóg dhúchasach é an planda seo, sa bhfine Lythraceae. Níl aon phlanda eile feicthe agam i gCois Fharraige atá sa bhfine seo, ach tá  an fine Lythraceae, in éineacht leis an bhfine Onagraceae, san ord Myrtales, agus tá ceithre chineál phlanda ón bhfine Onagraceae ag fás i gCois Fharraige, an Fhiúise (Fuchsia magellanica), agus na Saileacháin (Epilobium spp) éagsúla ina measc.



Tá an Gallfheabhrán (Angelica sylvestris) ar cheann de roinnt plandaí, an Feabhrán (Heracleum sphondylium) ina measc, at...
24/08/2022

Tá an Gallfheabhrán (Angelica sylvestris) ar cheann de roinnt plandaí, an Feabhrán (Heracleum sphondylium) ina measc, atá sa bhfine Apiaceae. Mar a luadh cheana, breathnaíonn go leor de na plandaí sa bhfine seo cosúil le chéile.

Bíonn bláthanna beaga an Ghallfheabhráin cruinnithe le chéile i mbraislí, agus comhdhéanann iomlán na mbraislí an t-umbal fhéin, le cruth leathsféarach (scaití beagnach sféarach) air.

Tá an Gallfheabhrán ag bláthú sa gcéad íomhá.



Tá an Méaracán Gorm (Campanula rotundifolia) le feiceáil anseo is ansiúd i gCois Fharraige, ó mhí Iúil ar aghaidh. Tá na...
23/08/2022

Tá an Méaracán Gorm (Campanula rotundifolia) le feiceáil anseo is ansiúd i gCois Fharraige, ó mhí Iúil ar aghaidh. Tá na bláthanna gorma seo éasca le haithint agus iad ag damhnsa sa ngaoth. Is níos minice a fheicim iad le cladach, seachas níos faide intíre, cé go bhfaca mé roinnt ag fás ar thaobh na mbóithríní portaigh.

Tá Corrach na Cuaiche ag Niall Mac Coitir (2006), agus dar leis ba (is) leis na síógaí an planda agus níor cheart é a bhaint. Tá/bhí “Bróg na Cubhaig” (bróg na cuaiche) agus “Am Pluran Cluigeannach” (plúr=bláth) ar an bplanda i nGaeilge na hAlban ag Cameron (1883).

Níl gaol gar ag an bplanda seo le Méaracán an Phúca/Lus Mór (Digitalis purpurea) ná leis na Coinnle Corra/Cloigíní Gorma (Hyacinthoides non-scripta), ach tá an Méaracán Gorm sa bhfine céanna le Duán na gCaorach (Jasione montana) agus Plúr an Locháin (Lobelia dortmanna), dhá phlanda eile atá le feiceáil i gCois Fharraige.



Bhaintí go leor úsáide as an Iúr Sléibhe (Teucrium scorodonia) in Éirinn san am atá caite – cógas leighis do scorbach, c...
22/08/2022

Bhaintí go leor úsáide as an Iúr Sléibhe (Teucrium scorodonia) in Éirinn san am atá caite – cógas leighis do scorbach, créachta, othrais, casacht agus slaghdán, dar le Niall Mac Coitir (Ireland’s Wild Plants 2006).

Tá neart ainmneacha eile ag Mac Coitir don phlanda seo freisin, Ceannbhán Cinn Coille, Sáiste Cnoic agus Sáiste Muice ina measc. In ainneoin gur “Wood Sage” in t-ainm Béarla atá ar an bplanda seo, níl boladh láidir uaidh na duilleoga, cé go mbreathnaíonn siad cosúil le duilleoga na sáiste.

Tá “ebeirsluaigh” ag O’Reilly (An Irish English Dictionary 1864) don phlanda seo (“Mountain Sage” a thugann sé air) agus dar le John Cameron (Gaelic Names of Plants, 1883) ciallaíonn (b’fhéidir) an focal seo “á sheachaint ag na sluaite”, mar nach n-itheann fiú na beithí é.

Tá sé coitianta i gCois Fharraige (ithir aigéadach aríst is dócha), agus feictear é ag minic ag fás sna gnáthóga céanna le plandaí eile sa bhfine céanna, Laminaceae, cosúil leis an Cabhsadán agus an Chaochneantóg. Tá sé coitianta freisin ag fás sa raithneach in aice le leacracha móra ar thaobh na mbóithríní.



In ainneoin gur ó Mheiriceá Theas a tháinig an Fhiúise (Fuchsia magellanica sa gcás seo, tá iliomad cineálacha fiúise an...
21/08/2022

In ainneoin gur ó Mheiriceá Theas a tháinig an Fhiúise (Fuchsia magellanica sa gcás seo, tá iliomad cineálacha fiúise ann), sách sásta atá an sceach seo in iarthar na hÉireann, agus tá neart dhó le fáil thart ar cheantar Chois Fharraige.

Feictear é ag fás timpeall ar shean-tithe agus fothracha, agus b’fhéidir gur cuireadh anseo iad nuair a mhair daoine iontu.

Níl an Fhiúise chomh coitianta sin in Éirinn ach ar an gcósta iarthair agus iardheiscirt, ná sa mBreatain (cé is moite den chósta iarthair), is dócha mar go bhfuil an sioc ró-dhona sa ngeimhreadh in áiteanna eile. Tá an planda in ann ag sioc éadrom, ach maróidh droch-shioc é (an chuid atá os cionn na talún ar aon chaoi).

Tá na bláthanna dearga lán le neachtar, agus ní gá ach iad a bhrú le go dtitfidh braonacha amach (ach cuid a fhágáil ag na meáchain). Tá cáil ar bhláthanna an phlanda seo, ach is deas iad na torthaí - caora ubhchruthacha corcra inite – freisin (tá torthaí agus bláthanna ar an sceach anois).

Tugtar Deora Dé ar an Fhiúise freisin, ach nílim cinnte cén t-ainm is mó atá in úsáid i gCois Fharraige.



Seo pictiúr den Chaorthann Corraigh (Valeriana officinalis) a tógadh i mí Iúil. Ní bláth coitianta í seo i gCois Fharrai...
20/08/2022

Seo pictiúr den Chaorthann Corraigh (Valeriana officinalis) a tógadh i mí Iúil. Ní bláth coitianta í seo i gCois Fharraige, tá trí cinn nó cheithre cinn feicthe agam agus mé amuigh ag siúil. Tá siad go léir feicthe agam sna garrantaí fliucha atá gar den chósta, nó ar thaobh an bhóthair (arís gar den chósta).

Tá dath bándearg ar na bláthanna, seachas cineál amháin le dath bán amháin (tá sé annamh), agus is ceann eile de na plandaí é seo a bhíonn míoltóga sa tóir air chun é a phailniú.
 
Bhaintí úsáid as an bplanda mar thámhachán (le cúnamh a thabhairt don chodladh), agus tá úsc an bhlátha dhá dhíol mar chógas luibhe, ach (arís!) níl aon fhianaise go bhfuil bunús eolaíoch leis.

Tá Lus na dTrí mBallán agus Lus na dTrí mBille ag Mac Coitir (Ireland’s Wild Plants, 2006) mar ainmneacha eile don phlanda seo.



Address

Indreabhán

Alerts

Be the first to know and let us send you an email when Flóra Chois Fharraige posts news and promotions. Your email address will not be used for any other purpose, and you can unsubscribe at any time.

Shortcuts

Share