06/05/2026
The University of Galway was privileged to welcome Juan Carlos Jiménez Marín, Director General of DG LINC, and his delegation, recently. Mr. Jiménez Marín is responsible for providing interpretation services to various European Union forums.
During his visit, he met with the University's management, including the President, Professor David J. Burn. Opportunities for collaboration, student professional development, and the importance of high-quality training in interpreting in an international context were discussed.
Mr. Jiménez Marín also visited the MA in Conference Interpreting course, where he met with students of the programme in An Teanglann. He spoke about the work carried out within DG LINC and the skills and competencies required for a successful career as a conference interpreter in European institutions. It was a valuable opportunity for the students to gain insight into the professional world of interpreting at the highest level.
There was a lively discussion with other guests: Cynthia Ní Mhurchú MEP, about multilingualism, the role of the Irish language in the Irish Presidency of the European Union, and in the future of Europe.
This visit strengthens the link between the University of Galway and the institutions of the European Union and underlines our ongoing commitment to academic excellence and international collaboration. This collaboration will continue over the summer with an intensive Irish language interpreting course for graduates preparing for the European Union certification exam.
The European Union has issued an open advertisement for qualified interpreters in English, Irish, French and other languages. Further information is available here:
https://europa.eu/interpretation/doc/aci_test_calendar.pdf
University of Galway European Parliament
06/05/2026
Bhí sé de phribhléid ag Ollscoil na Gaillimhe fáilte a chur roimh Juan Carlos Jiménez Marín, Ard-Stiúrthóir DG LINC agus a thoscaireacht, le déanaí. Tá an tUasal Jiménez Marín freagrach as seirbhísí ateangaireachta a sholáthar d’fhóraim éagsúla an Aontais Eorpaigh.
Le linn a chuairte, bhuail sé le bainistíocht na hOllscoile, an tUachtarán, an tOllamh David J. Burn, ina measc. Pléadh deiseanna comhoibrithe, forbairt ghairmiúil mac léinn, agus an tábhacht a bhaineann le hoiliúint ardchaighdeáin san ateangaireacht i gcomhthéacs idirnáisiúnta.
Thug an tUasal Jiménez Marín cuairt freisin ar an gcúrsa MA san Ateangaireacht Chomhdhála, áit ar bhuail sé le mic léinn an chláir sa Teanglann. Labhair sé faoin obair a dhéantar laistigh de DG LINC agus faoi na scileanna agus na hinniúlachtaí atá riachtanach chun gairm rathúil a bhaint amach mar ateangaire comhdhála sna hinstitiúidí Eorpacha. Ba dheis luachmhar a bhí ann do na mic léinn léargas a fháil ar shaol gairmiúil na hateangaireachta ag an leibhéal is airde.
Bhí plé bríomhar ann le haoi óinigh eile: an Feisire Eorpach Cynthia Ní Mhurchú, faoin ilteangachas, ról na Gaeilge in Uachtaránacht na hÉireann ar an Aontas Eorpach, agus i dtodhchaí na hEorpa.
Neartaíonn an chuairt seo an nasc idir Ollscoil na Gaillimhe agus institiúidí an Aontais Eorpaigh, agus leagann sí béim ar an tiomantas leanúnach atá againn don sármhaitheas acadúil agus don chomhoibriú idirnáisiúnta. Leanfaidh an comhoibriú seo i gcaitheamh an tsamhraidh le dianchúrsa ateangaireachta le Gaeilge do chéimithe atá ag ullmhú do scrúdú deimhniúcháin an Aontais.
Tá fógra oscailte eisithe ag an Aontas Eorpach d’ateangairí cáilithe le Béarla, Gaeilge, Fraincis agus teangacha eile. Tá tuilleadh eolais ar fáil anseo:
https://europa.eu/interpretation/doc/aci_test_calendar.pdf
University of Galway European Parliament
01/05/2026
Tá síneadh ama curtha againn leis an gcomórtas. Is é an Aoine, 15 Bealtaine an spriocdháta anois!
Tá Scéim Intéirneachtaí Aistriúcháin & Profála 2026-2027 leis an Aontas Eorpach oscailte anois d’iarrthóirí.
Liúntas: Fostófar na hintéirnigh mar Oifigigh Feidhmiúcháin i Státseirbhís na hÉireann, agus iad á dtabhairt ar iasacht ansin don institiúid Eorpach ábhartha. Is ar phointe 1 de scála tuarastail an Oifigigh Feidhmiúcháin a fhostófar na hintéirnigh.
Is i bhfostaíocht leis an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta a bhíonn na hIntéirnigh agus iad ar iasacht leis an Institiúid chuí Eorpach.
29/04/2026
Seolfar an taispeántais chartlainne "Iorras Aithneach - Cliabhán an Chultúir” in Ionad an Acadaimh i gCarna Déardaoin, 30 Aibreán ag 5:30 i.n.
University of Galway Department of Further and Higher Education Research Innovation & Science
27/03/2026
Ba mhaith le mic léinn bhliain na céime agus an dara bliain cuireadh a thabhairt daoibh chuig an gcéad taispeántas den seó cluichí nua-scríofa ‘Béalscaoilte’ i dTéatar Uí Chearbhalláin in Áras na Gaeilge ag 5in Dé Máirt, 31 Márta.
24/03/2026
Beidh Corn Uí Chon Cheanainn ar bun Dé Sathairn seo chugainn, an 28 Márta i gCafé Pota 4.15 - 7.15 pm.
Beidh cur chuige difriúil ann i mbliana agus beidh na hiarrthóirí ag déanamh cur i láthair faoi ghné éigin den amhránaíocht/ ceol a bhfuil suim acu féin ann.
Tá an spás féin an-bheag agus gan áit ann ach do 35 duine ar a mhéid.
Is féidir suíochán a chur in áirithe tríd an gcóras Eventbrite agus toisc gur tugadh tús áite do na hiomaitheoirí & a gcairde/ muintir, níl ach cúpla ticéad fágtha.
POTA Foras na Gaeilge University of Galway Taisce Chois Fharraige Nua
10/03/2026
𝐃𝐮𝐚𝐢𝐬 𝐑𝐓É 𝐑𝐚𝐢𝐝𝐢ó 𝐧𝐚 𝐆𝐚𝐞𝐥𝐭𝐚𝐜𝐡𝐭𝐚 𝐬𝐧𝐚 𝐌𝐞á𝐢𝐧 𝐛𝐫𝐨𝐧𝐧𝐭𝐚 𝐚𝐫 𝐦𝐡𝐚𝐜 𝐥é𝐢𝐧𝐧:
Bronnadh Duais RTÉ Raidió na Gaeltachta sna Meáin ar Conor Ó Domhnaill in Ollscoil na Gaillimhe le déanaí. Bronntar an duais ar an mac léinn a bhaineann an chéad áit amach ar an MA i gCleachtas Gairmiúil sna Meáin, cúrsa atá mar chomhpháirtíocht eisceachtúil idir an Ollscoil agus RTÉ. Is as Tuaim, Co. na Gaillimhe do Conor agus tá sé ag obair mar thuairisceoir nuachta do Nuacht Cúla4 ar TG4 i gCúige Mumhan.
In éindí le Conor sa ghrianghraf tá Gearóid Mac Donncha, Ceannaire RTÉ Raidió na Gaeltachta (ar chlé), an Dr Dan Dwyer, Léachtóir i Léann na Cumarsáide, Ollscoil na Gaillimhe agus Treasa Uí Lorcáin, Ceannasaí Eatramhach Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na Gaillimhe.
𝐑𝐓É 𝐑𝐚𝐢𝐝𝐢ó 𝐧𝐚 𝐆𝐚𝐞𝐥𝐭𝐚𝐜𝐡𝐭𝐚 𝐌𝐞𝐝𝐢𝐚 𝐏𝐫𝐢𝐳𝐞 𝐚𝐰𝐚𝐫𝐝𝐞𝐝:
University of Galway graduate Conor Ó Domhnaill was awarded the Duais RTÉ Raidió na Gaeltachta sna Meáin this week for achieving first in class on the MA i gCleachtas Gairmiúil sna Meáin. This unique Irish language MA programme is offered in partnership with RTÉ and includes significant periods of experiential learning in RTÉ’s Irish-language studios in the Conamara Gaeltacht and on their Donnybrook campus. Conor hails from Tuam, Co. Galway and is currently working as a news reporter with Nuacht Cúla4 on TG4 covering the Munster region.
Conor is pictured with Gearóid Mac Donncha, Ceannaire RTÉ Raidió na Gaeltachta (left), Dr Dan Dwyer, lecturer in Communications Studies and Treasa Uí Lorcáin, Ceannasaí Eatramhach an Acadaimh, Ollscoil na Gailimhe.
10/03/2026
𝐃𝐮𝐚𝐢𝐬 𝐑𝐓É 𝐑𝐚𝐢𝐝𝐢ó 𝐧𝐚 𝐆𝐚𝐞𝐥𝐭𝐚𝐜𝐡𝐭𝐚 𝐬𝐧𝐚 𝐌𝐞á𝐢𝐧 𝐛𝐫𝐨𝐧𝐧𝐭𝐚 𝐚𝐫 𝐦𝐡𝐚𝐜 𝐥é𝐢𝐧𝐧:
Bronnadh Duais RTÉ Raidió na Gaeltachta sna Meáin ar Conor Ó Domhnaill in Ollscoil na Gaillimhe le déanaí. Bronntar an duais ar an mac léinn a bhaineann an chéad áit amach ar an MA i gCleachtas Gairmiúil sna Meáin, cúrsa atá mar chomhpháirtíocht eisceachtúil idir an Ollscoil agus RTÉ. Is as Tuaim, Co. na Gaillimhe do Conor agus tá sé ag obair mar thuairisceoir nuachta do Nuacht Cúla4 ar TG4 i gCúige Mumhan.
In éindí le Conor sa ghrianghraf tá Gearóid Mac Donncha, Ceannaire RTÉ Raidió na Gaeltachta (ar chlé) agus an Dr Dan Dwyer, Léachtóir i Léann na Cumarsáide, Ollscoil na Gaillimhe.