Scoil Eoin Pól II, Inis Mór

Scoil Eoin Pól II, Inis Mór Scoil bheag álainn. Anseo feicfidh sibh na rudaí deasa atá ar siúl againn!

02/10/2026

Meán Fómhair 2026: Bhí mí ghnóthach & laethanta iontacha againn!✨ 👩‍🏫🎨

Rinneamar go leor rudaí deasa le chéile - siúlóidí staire agus dúlra, ealaín agus ceardaíocht, ceol, gníomhaíochtaí ETIM agus go leor eile! 🎨🎶🔬
Táimid ag súil go mór leis na rudaí iontacha atá le teacht.. 🎃

24/09/2026

Siúlóid an Fhómhair 🍂🍁

Bhain na páistí an-taitneamh as ár siúlóid inniu. Bhí siad ag faire amach do chomharthaí an fhómhair timpeall an bhaile - duilleoga ildaite, sméara dubha agus áilleacht an dúlra timpeall orainn. 🍁🌿

Siúlóid álainn, ag foghlaim agus ag fiosrú le chéile 💛🧡

31/08/2026

📚✨ Ar ais ar scoil! ✨📚

An chéad lá den scoilbhliain 2026-2027 curtha isteach againn i Scoil Eoin Pól II!🏫

Tá muid ag súil go mór leis an scoilbhliain nua agus leis an méid atá amach romhainn! ✨

Go n-éirí go geal linn uilig! ✏️📖🍎

16/12/2025

Ba mhaith le Bord Bainistíochta Scoil Eoin Pól 11 buíochas ó chroí a ghabháil le chuile dhuine a bhí bainteach leis an Oíche Shiamsaíochta chun airgead a bhaliú d’athchóiriú na scoile.

Ba léir ar an oíche an iarracht, an díograis, an dea-thoil agus an fhlaithiúlacht a cuireadh isteach ann. Táimid fíorbhuíoch den fhoireann, na tuismitheoirí, dóibh siúd a thug duaiseanna, na ceoltóirí, d’iarscolairí, do choiste an Halla, Óstán Árann, do phobal iomlán an oileáin, ár lucht tacaíochta ar line agus d’ár n-urraitheoirí a chinntigh go mbeadh oíche mhaith againn.

Is mór an moladh atá tuillte ag chuile dhuine a chur lámh san ocáid. Ní fhéadfaí an oíche a chur i gcrích gan obair fhoirne den scoth agus an spiorad pobail atá againn nuair a thagaimid le chéile.

Tugadh dea-shampla agus spreagadh do ghasúir an cheantair a bheidh láranach, le cúnamh Dé , i bhforbairt na scoile sa todhchaí.

Go raibh míle, míle maith agaibh go léir. Bailíodh €12,250.

__________________

The Bord of Management of Scoil Eoin Pól 11 would like to extend their sincere thanks to everyone who was involved in organising such a successful fundraising night to help refurbish our school.

The effort, enthusiasm, goodwill and generosity that went into the night was very evident. We are deeply grateful to the staff, parents, prize givers, musicians, Halla Rónáin Committee, Aran Islands Hotel, the entire island community, our online supporters and our sponsors that guaranteed we had such a fantastic night. We are truly grateful for the overwhelming support we received from so many people who generously contributed in many ways.

The event could not have taken place without excellent teamwork and the island community spirit that exists to support whenever we come together.

Our children will hopefully be motivated and encouraged by the good example experienced and they will undoubtedly be central to the future development of their school.

Go raibh míle, míle maith agaibh go léir. €12,250 was raised.

Seo liosta buaiteoirí an raifil. 🏆🎁Míle buíochas do chuile dhuine a thacaigh lenár gCóisir Shiamsaíochta ar son athchóir...
12/12/2025

Seo liosta buaiteoirí an raifil. 🏆🎁

Míle buíochas do chuile dhuine a thacaigh lenár gCóisir Shiamsaíochta ar son athchóiriú na scoile, bhí oíche den scoth againn! 🎄🎵🍽

Cuirfear an t-iomlán airgid bailithe in iúl sna laethanta amach romhainn.

Go méadaí Dia bhur stór. 🙏

Coisir Shiamsíochta chun tacú le hathchóiriú Scoil Eoin Pól II. Ag gealladh oíche den scoth!A festive celebration in sup...
24/11/2025

Coisir Shiamsíochta chun tacú le hathchóiriú Scoil Eoin Pól II. Ag gealladh oíche den scoth!

A festive celebration in support of refurbishing Scoil Eoin Pól II. Join us for great music, song and dance!

Buaiteoir Chorn Uí Riada 2025🏆🥇Táimid an-bhródúil as Mícheál Ó Confhaola atá mar mhúinteoir sean-nóis againn i mbliana.
12/11/2025

Buaiteoir Chorn Uí Riada 2025🏆🥇
Táimid an-bhródúil as Mícheál Ó Confhaola atá mar mhúinteoir sean-nóis againn i mbliana.

Liosta duaiseanna an raifil..🤩
10/11/2025

Liosta duaiseanna an raifil..🤩

Bígí linn don Oíche Shiamsaíochta.  Is féidir ticéad a chur in áirithe trí glaoch nó Whatsapp & is féidir ticéid a chean...
08/11/2025

Bígí linn don Oíche Shiamsaíochta. Is féidir ticéad a chur in áirithe trí glaoch nó Whatsapp & is féidir ticéid a cheannach ag an doras ar an Oíche! Fáilte roimh chách! 🎄🎶🎅
_______________________
RAIFIL MÓR
Beidh raifil againn ar an oíche chomh maith. Tá go leor duaiseanna iontacha fáighte 🙏
Ceannaigh ticéid raifil sa gComhar Creidmheasa, ag Aonach na Nollag nó ag an nasc iDonate.

Ní neart go cur le chéile. 💚

https://www.idonate.ie/raffle/RaifilCsirShiamsaochtanaNollag2025

06/03/2025

Imreoirí na todhchaí ó Scoil Eoin Pól II ag míniú a bpaisean agus a ngrá dá gclub agus na peileadóirí a spreagann iad chun imirt! 💚🤍

Address

Galway

Telephone

+3539970016

Website

Alerts

Be the first to know and let us send you an email when Scoil Eoin Pól II, Inis Mór posts news and promotions. Your email address will not be used for any other purpose, and you can unsubscribe at any time.

Share