25/06/2024
Tá cúpla lá fágtha chun iarratas a dhéanamh ar Scéim Cónaithe Choláiste na Tríonóide. Lóistín lán-Ghaeilge & deontas ar fáil do mhic léinn céad bhliana.
Déan iarratas anseo https://www.tcd.ie/gaeloifig/sceim-chonaithe/sceim-dhartrai/
Trinity College Dublin Roinn na Gaeilge, Coláiste na Tríonóide Cumann Gaelach TCD An Scéim Cónaithe TCD
16/05/2024
Inniu an lá deireanach do mhic léinn reatha chun cur isteach ar Scéim Cónaithe Choláiste na Tríonóide.
Déan iarratas anois! https://shorturl.at/dopV3
Spriocdháta: 9am Dé hAoine 17 Bealtaine 2024
Trinity College Dublin Roinn na Gaeilge, Coláiste na Tríonóide Cumann Gaelach TCD An Scéim Cónaithe TCD The Library of Trinity College Dublin
07/03/2024
Alt in Tuarascáil an lae inniu san Irish Times faoinár gComhdháil 5.3.24!
Téacs:
Fad is a bheidh muintir na hÉireann ag vótáil ar áit na mban sa bhaile agus sa tsochaí ar an 8ú lá de Mhárta, beidh mná acadúla na tíre ag roinnt eolais i gColáiste na Tríonóide ar ról na mban i léann na Gaeilge ag staideanna éagsúla sa stair agus sa réamh-stair.
Ceiliúradh ar Scoláireacht na mBan agus ar Cheist na hInscne i Léann na Gaeilge atá mar theideal ar an imeacht lae seo.
Reáchtálfar an chomhdháil i Mol an tSeomra Fhada agus is í an Dr Deirdre Nic Cárthaigh, Roinn na Gaeilge atá á heagrú.
D’inis an Dr Nic Cárthaigh do Thuarascáil faoina bhfuil beartaithe.
“Bheartaíomar an chomhdháil seo a eagrú le ceiliúradh a dhéanamh ar an dul chun cinn atá déanta ag mná sa saol acadúil le blianta beaga anuas i réimsí éagsúla de léann na Gaeilge, ó thréimhse na Luath-Ghaeilge go tréimhse na Nua-Ghaeilge Comhaimseartha,” a dúirt sí.
“Cé gur ábhar mór dóchais go bhfuil an oiread sin ban ag obair ar ghnéithe éagsúla de theanga agus de litríocht na Gaeilge ag an tríú leibhéal sa lá atá inniu ann, níl ionannas iomlán bainte amach go fóill, agus shíleamar gurbh fhiú aitheantas agus ardán a thabhairt don taighde atá idir lámha ag mná, agus don obair atá ar siúl acu ar cheist na hinscne go háirithe,” a dúirt Nic Cárthaigh.
I measc na gcainteoirí beidh: Tríona Ní Shíocháin (Beochaint agus Ardréim: saothar Chaitilín Dubh agus oidhreacht bhanfhilí na Gaelainne); Máirín Ní Dhonnchadha (Togra Field Day agus litríocht na mban); Ciara Ní Mhurchú (Cérbh í Máire Ní Raghallaigh? Cúlra banphátrúin ón 17ú céad); Sorcha de Brún (‘Beathaíodh go maith ina bhunóic é’: Aicme, Obair agus Inscne in Peig) agus Síobhra Aiken (‘Gaeltacht Springfield’: Rannpháirtíocht na mBan in
Athbheochan na Gaeilge i Meiriceá).
“Bíonn an tuiscint atá againn ar cheist na hinscne de shíor ag athrú, agus is cinnte go bhfuil an t-uafás le foghlaim go fóill againn,” a dúirt Nic Cárthaigh.
“Blaiseadh é an réimse leathan ábhar a bheas faoi chaibidil ar an lá den taighde torthúil atá ar bun ar an gceist seo.”
Nuair atá na léachtaí thart, agus sula gcuirfear clabhsúr leis an chomhdháil, beidh léiriú ceoil ann ón cheoltóir chumasach Síle Denvir. Ina dhiaidh sin, seolfar ‘Máirtín Ó Cadhain 2020?’ curtha in eagar ag Eoin Mac Cárthaigh agus Pádraig de Paor.
Thug an Cadhanach léiriú tuisceanach, comhbhách ar mhná ina chuid scríbhneoireachta agus ar an mhéid a d’fhulaing siad agus iad ag streachailt leis an saol. Is cinnte go mbeidh lá fíor-shuimiúil ag duine ar bith a bhíonn i láthair.
AELA NÍ GHAOITHÍN
Breis eolais: tcd.ie/irish
05/03/2024
Comhdháil lae :: Lá Idirnáisiúnta na mBan :: 8.3.2024
Tuilleadh eolais - www.tcd.ie/irish/
BÍGÍ LINN!!
21/02/2024
Ní mór a bheith san áireamh ar Chlár na dToghthóirí do Thoghcheantar Sheanad Éireann Ollscoil Átha Cliath faoi mheánoíche MAG ar an 26 Feabhra. Foilsítear an Clár nua go bliantúil ar an 1 Meitheamh.
Dá mba mhaith leat a bheith ar Chlár na bliana 2024, nó do chuid sonraí a thabhairt chun dáta, féach ar: tcd.ie/academicregistry/graduation/seanad-eireann/seanad-form/gaeilge/
31/10/2023
Cuireann sé gliondar ar Roinn na Gaeilge a fhógairt go reáchtálfar an chéad Léacht Chuimhneacháin in onóir do Eleanor Knott ar an 9.11.2023.
Cúis bróid freisin go seolfar 'Essays in Memory of Eleanor Knott' (Imleabhar a 3 de Léann na Tríonóide), curtha in eagar ag Christina Cleary agus Chantal Kobel an oíche chéanna.
The Department of Irish and Celtic Languages in Trinity College is delighted to announce the first Eleanor Knott Memorial Lecture to be held in Téatar Mháirtín Uí Chadhain, Arts Building, Trinity College Dublin, at 6pm on Thursday, 9 November 2023.
'Essays in Memory of Eleanor Knott' edited by Christina Cleary and Chantal Kobel will also be launched that evening.
Fáilte roimh chách agus saorchead isteach.
All welcome and free entry.
Cumann Gaelach TCD
TCD Oifig na Gaeilge
School of Languages, Literatures and Cultural Studies, TCD
18/09/2023
Bí linn do thuras Gaeilge i gColáiste na Tríonóide do le tacaíocht ó Oireachtas na Gaeilge. Tuilleadh eolais agus cláraigh anseo:
https://shorturl.at/kuJT6
Trinity College Dublin Roinn na Gaeilge, Coláiste na Tríonóide An Scéim Cónaithe TCD Cumann Gaelach TCD The Library of Trinity College Dublin
07/09/2023
Turais Ghaeilge ar Choláiste na Tríonóide d'Oíche Chultúir - 22 Meán Fómhair
Cláraigh anseo https://shorturl.at/ntxHU
Trinity College Dublin Roinn na Gaeilge, Coláiste na Tríonóide Cumann Gaelach TCD
27/02/2023
Díospóireacht Leighis TCD Vs UCD i gcomhar le hAcadamh na Lianna: Dé Céad 1 Márta @ 7pm in UCD
Cláraigh anseo https://hub.ucd.ie/usis/W_HU_MENU.P_PUBLISH?p_tag=CONFGUCW
Bígí linn!
Acadamh na Lianna Seachtain na Gaeilge le Energia Gaeltacht UCD/Global Centre for Irish Language & Culture Cumann Gaelach TCD An Scéim Cónaithe TCD Roinn na Gaeilge, Coláiste na Tríonóide