Gaelscoil na gCeithre Máistrí

Gaelscoil na gCeithre Máistrí Tá Gaelscoil na gCeithre Máistrí suite i mBaile Dhún na nGall. Leathanach faoi chúrsaí scoile!

A leithéid de thús curtha le scoilbhliain 2026-2027! Thosaigh muid ar ais inné agus deich páiste úr tosaithe linn i nGae...
28/08/2026

A leithéid de thús curtha le scoilbhliain 2026-2027! Thosaigh muid ar ais inné agus deich páiste úr tosaithe linn i nGaelscoil na gCeithre Máistrí. Tá ár bpobal ag fás de réir a chéile 🥰
Buíochas ó chroí le Coiste na dTuismitheoirí, a shocraigh an fráma deas dúinn agus a shocraigh seisiún grianghraif leis na teaghlaigh úra ar maidin.
Thosaigh triúr páiste sa Nead, an rang speisialta úr atá tosaithe againn i mbliana. Tá áit tábhachtach acu anois i stair na scoile, agus iad an chéad ghrúpa a chuir tús lena dturas Ghaeloideachais sa tseomra seo.
Bíodh deireadh seachtaine deas agaibh uilig agus táimid ag súil le sibh a fheiceáil arís Dé Luain ✨

What a start to the 2026-2027 school year! We started back yesterday and welcomed ten new children into our Gaelscoil family. Our community is continuing to grow 🥰
Míle buíochas to our parent's committee, who organised the lovely photo frame and a photo session for the new families yesterday morning.
Three children started in An Nead, our new special class which has opened this year. They now hold a special place in the history of our school, being the first group to start their immersion education journey in this room.
We hope you all have a lovely weekend and look forward to seeing you again on Monday ✨

Beidh lá stairiúil eile ag pobal Ghaelscoil na gCeithre Máistrí amárach, agus muid ag cur tús lenár gcéad rang speisialt...
26/08/2026

Beidh lá stairiúil eile ag pobal Ghaelscoil na gCeithre Máistrí amárach, agus muid ag cur tús lenár gcéad rang speisialta riamh.
Tá an rang lonnaithe inár bhfoirgneamh úrnua, agus chuir muid An Nead air mar ainm. Táimid ag súil go mór le gach duine a fheiceáil ar ais ar scoil amárach, agus go háirithe na Naíonáin Bheaga úra agus na páistí atá ag tosach sa Nead.
Buíochas ó chroí le David agus William as LE Graphics as an chomhartha úr seo a chruthú dúinn agus a chur in airde i rith an tSamhraidh. Cuireann sé go mór le feiceálacht na Gaeilge inár bhfoirgneamh. Táimid ag líonadh na ballaí de réir a chéile 😊

Tomorrow is set to be another historic day in the history of Gaelscoil na gCeithre Máistrí, as we open our very first special class. The class will operate from our brand new building, from a room that we have christened 'An Nead', translating to 'The Nest'.
We are really looking forward to welcoming everyone back to school tomorrow, and in particular our new Naíonáin Bheaga and the children who are starting in An Nead.
Many thanks to David and William from LE Graphics for their work in getting our new sign developed and installed over the Summer. It is a lovely way of increasing the visibility of Irish in our building. We are getting the walls filled bit by bit🙂

Déanann pobal Ghaelscoil na gCeithre Máistrí comhbhrón le teaghlach agus cairde Michael Conaghan, Calhaem, An Bhroclais ...
06/08/2026

Déanann pobal Ghaelscoil na gCeithre Máistrí comhbhrón le teaghlach agus cairde Michael Conaghan, Calhaem, An Bhroclais agus Baile Formaid, Baile Átha Cliath, a cailleadh Dé Máirt. Chuidigh Michael go mór linn agus é ina Teachta Dála le Páirtí an Lucht Oibre. Shocraigh sé cruinnithe leis an Aire Oideachais ag an am, Jan O'Sullivan, le cinntiú go raibh an scoil curtha san áireamh ar an liosta tógála do 2016. Ní raibh muid san áireamh ar aon liosta tógála roimhe sin, ach rinne Michael stocaireacht láidir le cinntiú nach raibh muid fágtha ón liosta in 2016. Táimid anois bogtha isteach inár bhfoirgneamh úr, buan, agus táimid iontach buíoch as an obair a rinne Michael le todhchaí ár scoil a chinntiú.
Suaimhneas síoraí dá anam.

The community of Gaelscoil na gCeithre Maistrí, Donegal Town, are saddened to hear of the passing of Michael Conaghan, Calhame, Bruckless and Ballyfermot, Dublin. As a Labour Party T.D., Michael was a great help to the Gaelscoil in our struggle to get a new school building. Michael facilitated meetings with the Minister for Education, Jan O’Sullivan to get the school included on the 2016 School Building Programme. We had not been included in previous years and Michael lobbied the Minister to make sure we were not left out in 2016. The new, state of the art school building is now open and we owe a debt of gratitude to Michael for his efforts on our behalf. May he rest in peace.

Comhghairdeas ó chroí le Hannah agus Éabha, daltaí na Gaelscoile atá páirteach sa Foyle Cup le Drumbar United Football C...
21/07/2026

Comhghairdeas ó chroí le Hannah agus Éabha, daltaí na Gaelscoile atá páirteach sa Foyle Cup le Drumbar United Football Club an tseachtain seo. Bhí bua 5-2 acu inniu in éadan Léim an Mhadaidh sa chomórtas faoi 11, áit ar aimsigh Éabha tréchleas agus Hannah cúl amháin

Congratulations to our students Hannah and Éabha who are both representing Drumbar United Football Club in this week's Foyle Cup. They enjoyed a 5-2 win over Limavady United today in the under 11 competition, with Éabha netting a hat trick and Hannah scoring a goal also.
Maith sibh a ghirseacha!

Buaiteoirí na gCorn Gaeilge ar an tseachtain seo agus buaiteoirí teastais na míosa 🏆🏆🏆Dalta na Míosa / Pupil of the Mont...
26/06/2026

Buaiteoirí na gCorn Gaeilge ar an tseachtain seo agus buaiteoirí teastais na míosa 🏆🏆🏆

Dalta na Míosa / Pupil of the Month
Gaeilgeoir na Míosa / Irish speaker of the Month
Moladh an Phríomhoide / Principal's Award

"Aoibhinn beatha an scoláire" Tréaslaíonn muid leis na páistí seo nár chaill lá scoile ar bith, nó a chaill lá amháin i ...
25/06/2026

"Aoibhinn beatha an scoláire"
Tréaslaíonn muid leis na páistí seo nár chaill lá scoile ar bith, nó a chaill lá amháin i mbliana. Éacht déanta acu!

"Sweet is the scholar's life"
We congratulate and celebrate these children who had 100% attendance this year, or who missed one day... A fantastic achievement.

Buaiteoirí na gCorn Gaeilge ar an tseachtain seo 🏆 😍 !
19/06/2026

Buaiteoirí na gCorn Gaeilge ar an tseachtain seo 🏆 😍 !

Bhí ócáid againn inné le slán a fhágáil ag Rang 6 na bliana seo. Rang lán le cineáltas, beocht agus díograis. Labhair si...
19/06/2026

Bhí ócáid againn inné le slán a fhágáil ag Rang 6 na bliana seo. Rang lán le cineáltas, beocht agus díograis. Labhair siad ar a gcuimhní cinn agus chuir sé lúchair orainn an fáinne ór a bhronnadh orthu. Buíochas le Kevin Muldoon as bheith linn don bhronnadh.
We had a special ceremony yesterday to say goodbye to our Rang 6 group, the first Rang 6bto have spent a full year in our wonderful building They spoke about their favourite school memories and we were delighted to present them with the gold fáinne. Thanks to Kevin Muldoon for helping with the presentation.

Táimid thar a bheith buíoch do Cllr Jimmy Brogan agus an Chomhairleoir Noel Jordan as an tacaíocht a thug siad dúinn le ...
18/06/2026

Táimid thar a bheith buíoch do Cllr Jimmy Brogan agus an Chomhairleoir Noel Jordan as an tacaíocht a thug siad dúinn le gairid fríd Tionscnamh an Chiste Forbartha 2026, scéim tacaíochta de chuid Donegal County Council
D'éirigh linn córas fuaime úr a fháil do halla na Gaelscoile. Tá an halla in úsáid ag réimse maith grúpaí ó bhog muid isteach sa bhfoirgneamh bliain ó shin. Cuideoidh an córas fuaime linn cur leis an réimse imeachtaí a eagraítear sa halla, agus deiseanna sa bhreis a sholáthar do phobal an bhaile. Míle buíochas fosta le Nollaig Mac a'Bháird as an chuidiú agus an chomhairle a thug sé dúinn

We are extremely grateful to Cllr Jimmy Brogan and Councillor Noel Jordan for their allocation of funding under Donegal County Council's Development Fund Initiative 2026.
As a result of their support we were able to purchase a new sound system for the Gaelscoil hall. Our hall has been used by a wide range of groups since we moved in to our new building last year, and this latest development will enable us to host a wider range of events and provide even more opportunities to the local community. Míle buíochas also to Noel Ward for his help and advice.

Buaiteoirí na gCorn Gaeilge ar an tseachtain seo!🏆🏆🏆
12/06/2026

Buaiteoirí na gCorn Gaeilge ar an tseachtain seo!🏆🏆🏆

Address

Páirc An TSrutháin (Brookfield), Baile Dhún Na NGall
Donegal
F94T863

Alerts

Be the first to know and let us send you an email when Gaelscoil na gCeithre Máistrí posts news and promotions. Your email address will not be used for any other purpose, and you can unsubscribe at any time.

Contact The School

Send a message to Gaelscoil na gCeithre Máistrí:

Shortcuts

Share