Ionad na Gaeilge Labhartha, UCC

Ionad na Gaeilge Labhartha, UCC Fáilte romhat go leathanach an Ionaid

Cúrsa Gaeilge do Mhic Léinn UCC. Brúigh ar an nasc sa bhio má tá tuilleadh eolais uait.
04/09/2026

Cúrsa Gaeilge do Mhic Léinn UCC. Brúigh ar an nasc sa bhio má tá tuilleadh eolais uait.

28/08/2026

Ní bheimid ag teacht le chéile aríst go dtí 2 Méan Fómhair. Bíg ag léamh libh i rith an tsamhraidh!

Cúrsaí Oíche sa Ghaeilge LabharthaClárú:📅 Dé Luain 31 Lúnasa agus Dé Máirt 1 Meán Fómhair 2026, 7pm - 9pm📍 Seomra Phádra...
20/08/2026

Cúrsaí Oíche sa Ghaeilge Labhartha

Clárú:
📅 Dé Luain 31 Lúnasa agus Dé Máirt 1 Meán Fómhair 2026, 7pm - 9pm
📍 Seomra Phádraig Tyers, ORB G01 Áras Uí Rathaille

Brúigh ar an nasc sa bhio má tá tuilleadh eolais uait. Fáilte roimh gach éinne!

Bhain Nuala agus a rang GA1121 an-taitneamh as caint an-suimiúil a thug an Dr Erin Nic an Ultaigh dúinn faoin Manainnis ...
13/07/2026

Bhain Nuala agus a rang GA1121 an-taitneamh as caint an-suimiúil a thug an Dr Erin Nic an Ultaigh dúinn faoin Manainnis le déanaí. Táimid an-bhaoch di.

📸Nuala de Búrca

Bhain Nuala agus a rang GA1121 an-taitneamh as cuairt ar Mheitheal Mara le déanaí. Táimid an bhaoch de Shéamus agus de C...
10/07/2026

Bhain Nuala agus a rang GA1121 an-taitneamh as cuairt ar Mheitheal Mara le déanaí. Táimid an bhaoch de Shéamus agus de Chlaire a thug cainteanna suimiúla dúinn. Meitheal Mara abú!

📸Nuala de Búrca

18/06/2026

Táimid ag súil go mór leis an ócáid seo agus sinn ana-bhródúil as Siún s'againne!

17/06/2026

Chruthaigh Barr na gCnoc agus Scoil an Oideachais, Coláiste na hOllscoile Corcaigh, idirghabháil - a mhair sé seachtaine - d'Fhoghlaim Chomhtháite Ábhar agus Teanga (FCÁT) chun Corpoideachas a mhúineadh trí mheán na Gaeilge, i bpáirt le le múinteoirí agus daltaí an 6ú Rang i dtrí bhunscoil lán-Bhéarla DEIS: Scoil Náisiúnta Cnoc na Sú Talúin, Scoil Mhuire ar Chnoc na hAoine, agus Scoil Padre Pio.

Tá teora fós leis an dtaighde atá déanta ar  FCÁT-Corpoideachas in Éirinn. Ar an iomlán, nuair a dhéantar foghlaim teanga a nascadh le gluaiseacht choirp, is léir gur páirtíocht is ea é a théann chun tairbhe an dá pháirtí. Is féidir le foghlaimeoirí a bheith “ag bogadh timpeall agus ag foghlaim na teanga le chéile”.

Seachtain sa Ghaeltacht 63 mac léinn ón Ollscoil a chaith seachtain in ár dteannta i gCorca Dhuibhne ag deireadh mhí na ...
17/06/2026

Seachtain sa Ghaeltacht

63 mac léinn ón Ollscoil a chaith seachtain in ár dteannta i gCorca Dhuibhne ag deireadh mhí na Bealtaine. Bhain na mic léinn le Ranna difriúla ar fuaid na hollscoile agus bronnadh scoláireacht orthu chun teacht chun na Gaeltachta. Bhí plúr na gceoltóirí, na n-amhránaithe is na rinceoirí ina measc gan trácht ar a spéis sa Ghaelainn. Gabhaimid buíochas leis na mná tí, na múinteoirí, na haoichainteoirí agus dóibh siúd ar fad a bhí ag roinnt a gcuid eolais is a gceird leothu.

Bhí an ghrian ag scoltadh na gcloch i rith na seachtaine ar fad ach amháin an lá a chuamair go Sliabh an Fhiolair – dóbair dúinn dul amú sa cheo!

15/06/2026

Bhain Nuala agus a rang GA1121 an-taitneamh as cuairt ThradSoc le déanaí. Sheinneadar ceol den scoth dúinn is táimid an-bhaoch díobh. TradSoc UCC abú!

📸Nuala de Búrca

Comhdháil ar an bhFeasacht Teanga. 11 Meitheamh 2026. 📸 Karol Coleman, Nuala de Búrca agus Seán Ó Laoi
12/06/2026

Comhdháil ar an bhFeasacht Teanga. 11 Meitheamh 2026.

📸 Karol Coleman, Nuala de Búrca agus Seán Ó Laoi

Address

G02, Áras Uí Rathaille, Coláiste Na HOllscoile Corcaigh
Cork

Opening Hours

Monday 9am - 5pm
Tuesday 9am - 5pm
Wednesday 9am - 5pm
Thursday 9am - 5pm
Friday 9am - 5pm

Alerts

Be the first to know and let us send you an email when Ionad na Gaeilge Labhartha, UCC posts news and promotions. Your email address will not be used for any other purpose, and you can unsubscribe at any time.

Contact The School

Send a message to Ionad na Gaeilge Labhartha, UCC:

Shortcuts

Share