26/09/2025
Bhí an chéad chruinniú ag na baill nuathofa de Chomhairle na Scoláirí an tseachtain seo. Guímid gach rath orthu agus iad ag obair ar son na scoile leis na múinteoirí Aoife & Lana. Déanaimid Comhghairdeas chomh maith leis na scoláirí ar toghadh mar bhaill den choiste; Max de Hamtún (Cathaoirleach), Erin Ní Chearúil (leas-chathaoirleach), Ríona Nic Ruairí (rúnaí), Fionnán Ó Conchubhair (oifigeach chaidrimh phoiblí) agus Caoilinn Ní Chonchubhair (oifigeach eagrúcháin). Mol an óige agus tiocfaidh sí!