18/09/2026
Pygmalion 26 - is aistriúchán Gaeilge é ar shaothar clasaiceach polaitiúil an údair G. B. Shaw. Tugann an léiriú seo saothar Shaw go Béal Feirste na bliana 2026.
Pléann Pygmalion le ceist an aicme shóisialta agus leis an dóigh a n-aithnítear an aicme sin trí bhlas cainte. Táimid ag tabhairt faoin téama sin agus á chíoradh trí phriosma aicme Shaw, chun aghaidh a thabhairt ar an gceist: cé aige a bhfuil sé de cheart a rá gur cainteoir dúchais Gaeilge é?
Tá sé i gceist againn tabhairt faoin gceist seo leis an ngreann agus an íoróin a bhaineann le Pygmalion féin, agus leis an mbeocht, an ghrinn agus an cultúr teanga atá thart orainn i nGaeltacht uirbeach Iarthar Bhéal Feirste.
https://linktr.ee/Aislingghear
The Everyman - Corcaigh - 19ú Deireadh Fómhair 2026
An Taibhdhearc - Gaillimh - 21ú-24ú Deireadh Fómhair 2026
Mullingar Arts Centre - An Muileann gCearr - 27ú Deireadh Fómhair 2026
Garter Lane - Port Láirge - 30ú Deireadh Fómhair 2026
Cultúlann McAdam Ó Fiaich - Béal Feirste - 2ú-5ú Samhain 2026
Amharclann Ghaoth Dobhair, Tír Chonaill - 7ú Samhain 2026
Axis Theatre - Baile Átha Cliath - 9ú-12ú Samhain 2026