Gaelcholáiste Phort Láirge

Gaelcholáiste Phort Láirge Bunaíodh Gaelcholáiste Phort Láirge i 2007 le meán-oideachas lán Ghaelach a chur ar fáil i bPort Láirge.

Lá mór dúinn inniu ag cur fáilte mhór roimh ár scoláirí nua ar a gcéad lá sa scoil! Cuireann pobal na scoile fáilte chro...
31/08/2026

Lá mór dúinn inniu ag cur fáilte mhór roimh ár scoláirí nua ar a gcéad lá sa scoil! Cuireann pobal na scoile fáilte chroíúil roimh Eibhlín Ní Dhomhnaill, príomhoide nua Ghaelcholáiste Phort Láirge, chomh maith.

Guímid gach rath orthu agus iad ag cur tús lena n-aistear nua linn. Táimid ag súil le blianta lán le foghlaim, cairdeas, spraoi agus deiseanna nua.

Gaeilge Bheo, Gaeilge Go Deo!

Comhghairdeas ó chroí le scoláirí Bhliain 6 2026 a fuair torthaí scrúdaithe inniu. Tréaslaíonn an scoil le Daithí Mac Sh...
21/08/2026

Comhghairdeas ó chroí le scoláirí Bhliain 6 2026 a fuair torthaí scrúdaithe inniu. Tréaslaíonn an scoil le Daithí Mac Sheoinín a ghnóthaigh lán mharcanna. Tá éacht déanta acu go léir. Guíonn an scoil gach rath orthu anois agus i gcónaí.

15/06/2026
Bhí oíche fíor-speisialta ag scoláirí Bl.6 ag deireadh na scoilbhliana agus iad ag ceiliúradh deireadh a n-aistear meáns...
15/06/2026

Bhí oíche fíor-speisialta ag scoláirí Bl.6 ag deireadh na scoilbhliana agus iad ag ceiliúradh deireadh a n-aistear meánscolaíochta i nGaelcholáiste Phort Láirge. Tháinig scoláirí, múinteoirí agus tuismitheoirí le chéile ag Aifreann speisialta i Séipéal Naomh Muire chun an grúpa eisceachtúil seo a cheiliúradh.
Le linn na hócáide, bronnadh teastas scoile agus an fáinne óir ar scoláirí ag tabhairt aitheantas dá ndíograis agus dá rannpháirtíocht i saol na scoile agus dá ndílseacht don Ghaeilge thar na blianta. B’oíche an-bhródúil í do phobal na scoile, ag moladh na scoláirí as gach rud atá bainte amach acu go pearsanta, go sóisialta agus go hacadúil le sé bliana anuas.
Guíonn an scoil gach rath ar na scoláirí agus iad ag tabhairt faoi na scrúduithe stáit agus faoin gcéad chéim eile dá saol. Go n-éirí go geal leo i gcónaí.

Bhí ócáid speisialta sa scoil an tseachtain seo caite chun buaicphointí na bliana a cheiliúradh. Chuir Cáit Ní Shé, prío...
22/05/2026

Bhí ócáid speisialta sa scoil an tseachtain seo caite chun buaicphointí na bliana a cheiliúradh. Chuir Cáit Ní Shé, príomhoide na scoile, fáilte roimh mhúinteoirí, tuismitheoirí, seantuismitheoirí agus siblíní na scoláirí ar an lá. Creidtear go láidir sa scoil i sprid agus muinín na scoláirí a chothú. Mol an óige agus tiocfaidh sí. Bronnadh gradaim aitheantais speisialta ar scoláirí i ngach bliainghrúpa. Bronnadh gradam do Scoláire na Bliana agus Gaeilgeoir na Bliana ar scoláire amháin i ngach rang. Chomh maith leis sin, bronnadh gradaim acadúla, gradaim barr feabhais agus Corn an Choláiste. Tháinig pobal na scoile le chéile ina dhiaidh sin sa chlós, áit ar cuireadh sólaistí ar fáil, buíochas le Coiste na dTuismitheoirí, agus ceol den scoth á sheinm ag grúpa ceoltóirí traidisiúnta na scoile, chun gradaim gaisce na scoláirí a cheiliúradh. Chuir ceoltóirí na scoile go mór leis an searmanas. Comhghairdeas ó chroí le cách.

22/05/2026

Ceiliúradh Bl.6 2026

Scoláirí den scoth. Idirbhliain den scoth. Buíochas le múinteoir Amy a chuir clár taitneamhach agus tairbheach ar fáil. ...
20/05/2026

Scoláirí den scoth. Idirbhliain den scoth. Buíochas le múinteoir Amy a chuir clár taitneamhach agus tairbheach ar fáil. Comhghairdeas leis na scoláirí go léir.

Bhain dream Gaisce na hidirbhliana sár-taitneamh as an sléibhteoireacht a rinne siad chun a ngradaim a chríochnú. Chuaig...
19/05/2026

Bhain dream Gaisce na hidirbhliana sár-taitneamh as an sléibhteoireacht a rinne siad chun a ngradaim a chríochnú. Chuaigh siad ag sléibhteoireacht thar dhá lá trasna Shléibhte an Chomaraigh, ag fanacht thar oíche i Ráth Ó gCormaic. Réitigh siad a ndinnéar féin agus bhí an-chraic acu ar an iomlán sa tráthnóna i ndiadh a gcéad lá siúlóide. Chinntigh an treoraí, Michael, go raibh an siúil suimiúil ach dúshlánach agus shiúil siad 29km thar an dá lá. Comhghairdeas le gach scoláire a rinne an sléibhteoireacht agus a bhain an Gradam Gaisce amach! 🎉

Comhghairdeas le foireann sacair na mbuachaillí sóisearacha a bhuaigh blitz i Ros Mhic Thriúin le déanaí. Is éacht ionta...
19/05/2026

Comhghairdeas le foireann sacair na mbuachaillí sóisearacha a bhuaigh blitz i Ros Mhic Thriúin le déanaí. Is éacht iontach é seo don scoil agus táimid an-bhródúil asaibh. Bhí na buachaillí sinsearcha ag imirt i blitz chomh maith ach faraor, níor éirigh leo ar an lá. Beidh lá eile ag an bPaorach! Maith sibh uilig a ghlac páirt ann 👏

Comhghairdeas mór le foireann cispheile cailíní na dara bliana a chríochnaigh sa dara háit i gCorn Sóisearach na Mumhan ...
19/05/2026

Comhghairdeas mór le foireann cispheile cailíní na dara bliana a chríochnaigh sa dara háit i gCorn Sóisearach na Mumhan i gCorcaigh an mhí seo caite. D’oibrigh na cailíní go han-chrua i rith na bliana agus léirigh siad díograis mhór don spórt agus don aclaíocht taobh amuigh den scoil freisin. Is éacht mór é seo don scoil mar níor éirigh linn an craobh a shroicint riamh roimhe seo. Táimid fíorbhródúil asaibh go léir a chailíní!

Address

Cúirt An Easpaig, Baile Gunnair
Port Láirge
X91P984

Telephone

+35351821742

Alerts

Be the first to know and let us send you an email when Gaelcholáiste Phort Láirge posts news and promotions. Your email address will not be used for any other purpose, and you can unsubscribe at any time.

Share

Category