Múinteoir Murphy

Múinteoir Murphy

Share

Contact information, map and directions, contact form, opening hours, services, ratings, photos, videos and announcements from Múinteoir Murphy, Education Website, Dublin.

22/01/2026

A chairde, tá áthas orm a roinnt libh go mbeidh Fáilte! 2 + 3 ar fáil go luath. Táimid ag súil go mór leis na leabhair a chur i láthair daoibh ag an ócáid fhíorúil seo, Dé Céadaoin 4 Feabhra. Is féidir clárú leis an seimineár gréasáin ag an nasc thíos:

https://us06web.zoom.us/webinar/register/WN_aegjWwoHTXGLT7M_VLvI8A #/registration

Delighted to share that Fáilte! 2 + 3 will be available soon. We're looking forward to introducing you to the books on Wednesday 4 February. You can register for the webinar at the link above.

Photos from Múinteoir Murphy's post 25/02/2021

There are many different meanings to the verb 'to make' in English. Yes the briathar (verb) 'Déan' sa Ghaeilge does mean 'to make' but it doesn't translate all of the different possible contexts of the verb in English.
  ⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀
We often use the verb 'to make' in English to mean 'to cause someone to do something or feel a certain way.'
  ⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀
Eg. He made me laugh, the good weather makes me happy, the film made us sad.
  ⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀
We don't use the briathar 'Déan' to say 'make' in this context...instead we use the briathar 'Cuir', which we're probably more familiar as a translation of 'to put'...but remember CONTEXT IS EVERYTHING!!! Literal translation is not always the answer!
  ⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀
• He made me laugh --> Chuir sé ag gáire mé (literally: he put me laughing)
  ⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀
• The good weather makes me happy --> Cuireann an dea-aimsir áthas orm (the good weather puts happiness on me) [remember emotions are described as being 'on' us.]
  ⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀
• The film made us sad --> Chuir an scannán brón orainn (the film put sadness on us.)
  ⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀
Swipe to see a few of the meanings/contexts of 'make' when you look it up on www.focloir.ie and 'make' (!) sure that you click on the one you're looking for!
  ⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀
  ⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀

Photos from Múinteoir Murphy's post 17/02/2021

⚠️Botún coitianta!⚠️
(a common mistake)
  ⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀
We need to be careful when translating from English to Gaeilge (and vice versa!) that we are translating the idea, as well as the wording. This means that a literal/word for word translation won't always work.
  ⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀
The English verb 'to get' has many different meanings, depending on the context. Eg. I got a new car, I got a shock, I got the bus, I got angry (or other emotion) etc.
If you look up 'get' in (swipe right) you'll get(!) a list of results, each one referring to a different context of the word. Click on the meaning you're looking for and you'll be directed to the correct translation.
  ⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀
But for now, let's look at 'to get' when used with feelings/emotions. The meaning/context behind this one is 'to become'.
I became angry -->
D'éirigh mé feargach.
(Check out my earlier post on the verb 'Éirigh'.)
  ⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀
'Feargach' is an adjective, but we also describe emotions as being 'on' us, using the noun (eg. fearg) here instead of the adjective. In that case, you would translate
'I got/became angry' as 'anger came on me' -->
Tháinig fearg orm.
  ⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀
---

13/02/2021

Caithim roinnt mhaith ama os comhair na teilifíse na laethanta seo, cosúil libh ar fad is dócha!
Chríochnaigh mé an tsraith 'Schitt's Creek' ar Netflix le déanaí. Tá sé shéasúr sa tsraith, ochtó eagrán san iomlán, agus thóg sé níos lú ná ceithre seachtaine orm breathnú orthu ar fad! Bhí mé go hiomlán gafa leis ar feadh míosa!
  ⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀
Baineann Schitt's Creek le muintir Rose; teaghlach saibhir a chailleann gach a bhfuil acu sa saol. Breathnaíonn an tsraith ar thrialacha agus trioblóidí an teaghlaigh agus iad ag dul i dtaithí ar shaol nua i mbaile beag iargúlta darb ainm Schitt's Creek. Clár greannmhar atá ann cinnte, ach tá teachtaireacht álainn ann freisin. Tá an chéad shéasúr mall go leor, chun an fhírinne a rá, ach cloígh leis! Is fiú go mór féachaint air! 
  ⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀
---
Gluais:
Caithim - I spend
roinnt mhaith ama - a good bit of time
os comhair na teilifíse - in front of the TV
na laethanta seo - these days
cosúil libh ar fad - like all of you
an tsraith - the series
le déanaí - recently
sé shéasúr - six seasons
ochtó eagrán - eighty episodes
san iomlán - in total
níos lú ná - less than
ceithre seachtaine - four weeks
breathnú orthu ar fad - to watch them all
gafa leis - addicted to it
ar feadh míosa - for a month
teaghlach saibhir - a rich family
a chailleann - who lose
gach a bhfuil acu - everything they have
Breathnaíonn an tsraith ar - the series looks at
trialacha agus trioblóidí - trials and tribulations
ag dul i dtaithí ar - getting used to
iargúlta - remote
darb ainm - called
greannmhar - funny
teachtaireacht - message
an chéad shéasúr - the first season
mall go leor - slow enough
chun an fhírinne a rá - to tell the truth
cloígh leis - stick with it
Is fiú go mór - it's well worth
féachaint air - watching it
---
  ⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀

01/12/2020

⚠️FÓGRA: VLOGMAS 2020 AG TEACHT GO LUATH!!!🦌
  ⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀
  ⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀
Faoi dheireadh, tá an Nollaig buailte linn, agus tá mé sásta a rá libh go mbeidh 'Vlogmas' ar ais arís i mbliana! 🎄⛄🎅
  ⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀
Beidh cuid a haon beo ar mo chainéal YouTube Dé Domhnaigh seo chugainn ag a 10am.
  ⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀
Idir an dá linn, féachaigí ar Vlogmas 2019 ag an nasc i mo phróifíl thuas!
  ⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀
---
Gluais:
  ⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀
fógra - announcement/notice
ag teacht go luath - coming soon
faoi dheireadh - at last
tá an Nollaig buailte linn - December/Christmas is upon us!
sásta a rá - happy to say
ar ais - back
arís - again
i mbliana - this year
cuid a haon - part 1
beo - live
mo chainéal - my channel
Dé Domhnaigh seo chugainn - next Sunday
idir an dá linn - in the meantime
féachaigí ar - watch/check out
nasc - link
i mo phróifíl - in my profile
thuas - above
  ⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀
  ⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀

Photos from Múinteoir Murphy's post 15/10/2020

Dathanna áille an fhómhair faoi sholas na gréine i bhFaiche Stiabhna. 🍁🍂
  ⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀
Is aoibhinn liom an tráth seo den bhliain ach bhí mé píosa beag amhrasach faoin bhfaoileán sin! 😅
  ⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀
---
Gluais:
  ⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀
•dathaanna áille an fhómhair - the beautiful colours of autumn
  ⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀
•faoi sholas na gréine - in the sunlight
  ⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀
•Faiche Stiabhna - St. Stephen's Green
  ⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀
•is aoibhinn liom - I love
  ⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀
•an tráth seo den bhliain - this time of year
  ⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀
•píosa beag amhrasach - a little bit suspicious
  ⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀
•faoileán - seagull
  ⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀
---

04/10/2020

Croílár Chicago | Feabhra 2020
⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀
Thóg sé seacht mí orm ach faoi dheireadh tá vlag den turas chuig Chicago curtha in eagar agam agus beo ar mo chainéal YouTube anois! Scríobh mé postáil ghairid faoin turas ar mo bhlag freisin. Tá nascanna chuig an dá rud ar mo phróifíl thuas anois. 😅

https://youtu.be/2vSPt7gAlcE
⠀⠀⠀⠀⠀
---
Gluais:
⠀⠀⠀⠀⠀
• croílár - downtown
• thóg sé seacht mí orm - it took me 7 months
• curtha in eagar - edited
• beo - live
• postáil ghairid - a short post
• nascanna - links
• an dá rud - the two items
---
⠀⠀⠀⠀⠀

Photos 01/04/2020

⠀s c a r a d h s ó i s i a l t a ⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀ ⠀(social distancing) ⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀ ⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀
⠀ ⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀
Tá sé seo deacair, nach bhfuil?! Táimid ar fad ag fanacht sa bhaile agus ag cleachtadh scaradh sóisialta. Táimid ag iarraidh dul i dtaithí ar shaol nach bhfuil nádúrtha. Tá scolairí, múinteoirí agus tuismitheoirí faoi bhrú, ag streachailt le córas nua foghlama ar líne. ⠀ ⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀
Braithim uaim an seomra ranga. Braithim uaim an chraic ann, agus na hargóintí fiú! Ach táimid ar fad sa bhád céanna agus ní mhairfidh an tréimhse seo go deo! Mar a deir an seanfhocal, 'Dá fhad an oíche, tagann an lá.' ⠀⠀ ⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀ ⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀ ⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀
ag fanacht sa bhaile - staying at home
ag cleachtadh scaradh sóisialta - practicing social distancing
ag iarraidh dul i dtaithí ar - trying to get used to
saol nach bhfuil nádúrtha - a life that isn't natural
faoi bhrú - under pressure
córas nua foghlama - a new system of learning
ar líne - online
Braithim uaim - I miss
na hargóintí - the arguments
sa bhád céanna - in the same boat
ní mhairfidh X go deo - X won't last forever
tréimhse - a period of time
Dá fhad an oíche, tagann an lá - However long the night is, the day will come. ♥️☀️🌅⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀ ⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀

Photos 01/01/2020

Deich mbliana ó shin... ⠀⠀⠀⠀⠀⠀ ⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀
Bhí cónaí orm i mBrest na Fraince. Bhí bliain den scoth agam ann, ag múineadh Béarla agus Gnó in Ollscoil na Briotáine. (Creid é nó ná creid, tá céim máistir agam sa ghnó!) Ba é sin an chéad phost lánaimseartha a bhí agam. ⠀⠀⠀ ⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀
Bhí árasán mór millteach le balcóin mhór ar cíos agam i lár an bhaile, cúig nóiméad siúil ón Ollscoil. Bhíodh cóisirí againn san árásan sin go minic, cé nár réitigh mé go maith le mo pháirtí tí!🙈 ⠀ ⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀⠀
Rinne mé go leor cairde nua ó gach cearn den domhan an bhliain sin, go háirithe Sarah (eile!), Meiriceánach ó Iowa atá ag cur fúithi in California anois lena fear céile Francach agus a gclann. Thug mé cuairt orthu cúpla bliain ó shin agus tá súil agam go rachaidh mé ar ais ann an bhliain seo chugainn.
Braithim uaim an saol sa Fhrainc. Bhí sé an-simplí (agus neamhchostasach!) Thuillinn €1200 in aghaidh na míosa agus cheap mé go raibh mé saibhir! Ag smaoineamh siar ar na laethanta sin anois agus na cúimhní áille seo, is dócha go raibh... 💓

ó shin - ago
den scoth - excellent
ag múineadh - teaching
Ollscoil na Briotáine - The University of Brittany

Creid é nó ná creid - believe it or not
céim máistir - masters degree 👩‍🎓
an chéad phost lánaimseartha - the first full-time job

árasán mór millteach - huge apartment
balcóin - balcony
ar cíos - rented

i lár an bhaile - in the centre of town
cúig nóiméad siúil - five minutes walk

Bhíodh cóisirí againn - we used to have parties 🍷

cé nár réitigh mé go maith le - even though I didn't get on well with
páirtí tí - housemate 🏠

gach cearn den domhan - every corner of the 🌍
go háirithe - especially
Meiriceánach - an American
ag cur fúithi - living/settled
a fear céile Francach - her French husband
a gclann - their family (kids)
Thug mé cuairt orthu - I visited them

Tá súil agam - I hope
Rachaidh mé ar ais - I will go back

Braithim uaim - I miss 😢
neamhchostasach - inexpensive
Thuillinn - I used to earn
in aghaidh na míosa - per month

Cheap mé - I thought
saibhir - rich

ag smaoineamh siar ar - thinking back on
na laethanta sin - those days
na cuimhní áille seo - these lovely memories

is dócha go raibh - I suppose I was 💓

Want your school to be the top-listed School/college in Dublin?

Click here to claim your Sponsored Listing.

Location

Address


Dublin
DUBLIN 1