Pleanáil Teanga Chonamara Láir

Pleanáil Teanga Chonamara Láir 'Ár dteanga - labhair í 's bí bródúil'

Nuachtlitir mhí Bealtaine 📚📰🗞️😊🙌🏻🥳 bainigí sult as.
05/06/2026

Nuachtlitir mhí Bealtaine 📚📰🗞️😊🙌🏻🥳 bainigí sult as.

Guíonn muid chuile rath ar scoláirí na hArdteiste & scoláirí an Teastais Shóisearaigh ag seasamh na scrúduithe as seo go...
03/06/2026

Guíonn muid chuile rath ar scoláirí na hArdteiste & scoláirí an Teastais Shóisearaigh ag seasamh na scrúduithe as seo go ceann tamaill. Coinnígí an misneach 💪🏻📚✍️📝

Campa samhraidh ‘Mol an Óige’ 🎉 6-10 Iúil i Halla Pobail an Chaisil. Seol ríomhphost chuig molanoige22@gmail.com chun d’...
27/05/2026

Campa samhraidh ‘Mol an Óige’ 🎉 6-10 Iúil i Halla Pobail an Chaisil. Seol ríomhphost chuig [email protected] chun d’áit a chur in áirithe 😊😎☀️🌞

Comórtas Grianghrafadóireachta mhí na Bealtaine 🌼💐🥀🌼💐🌸 Ná deanaigí dearmad na pictiúir a chur chugainn roimh Dé hAoine 2...
25/05/2026

Comórtas Grianghrafadóireachta mhí na Bealtaine 🌼💐🥀🌼💐🌸 Ná deanaigí dearmad na pictiúir a chur chugainn roimh Dé hAoine 29 Bealtaine.

Bhí ócáid álainn againn an tseachtain seo caite nuair a tháinig muid le chéile don Tráthnóna Cultúrtha i gCloch na Rón. ...
25/05/2026

Bhí ócáid álainn againn an tseachtain seo caite nuair a tháinig muid le chéile don Tráthnóna Cultúrtha i gCloch na Rón. Bhí an t-ádh linn go raibh Cóilín Ó hIarnáin & Caitríona Ní Cheannabháin inár dteannta don ócáid. Labhair Cóilín linn faoi stair na mbád áitiúil & bhí chuile dhuine an-tógtha leis an bpíosa cainte a rinne sé. Chuir Caitríona go mór leis an atmaisféar lena cuid amhránaíochta freisin. Míle buíochas le Christine Lowry as an gcuireadh & as an gcúnamh leis an ócáid. Buíochas le Anna & foireann Gala Chill Chiaráin as na sólaistí blasta & ár mbuíochas leis na daoine uilig a tháinig amach don tráthnóna iontach seo. Nár laga Dia sibh 🎶🛶⛵️📚

Nuachtlitir mhí Aibreáin 📚👓📖🥳 bainigí sult as!
13/05/2026

Nuachtlitir mhí Aibreáin 📚👓📖🥳 bainigí sult as!

⛵️🎶 Tráthnóna Cultúrtha Cloch na Rón. Bí linn le haghaidh píosa cainte ar stair na mbád i gCloch na Rón le Cóilín Ó hIar...
13/05/2026

⛵️🎶 Tráthnóna Cultúrtha Cloch na Rón. Bí linn le haghaidh píosa cainte ar stair na mbád i gCloch na Rón le Cóilín Ó hIarnáin & ceardlann amhránaíochta le Caitríona Ní Cheannabháin. 🗓️20/05/2026 ag 2:00pm - 3:30pm in Ionad Pobail Cloch na Rón. Fáilte roimh chuile dhuine. 😊 (⬇️English version attached)

⛵️🎶 Tráthnóna Cultúrtha Cloch na Rón. Bí linn le haghaidh píosa cainte ar stair na mbád i gCloch na Rón le Cóilín Ó hIar...
13/05/2026

⛵️🎶 Tráthnóna Cultúrtha Cloch na Rón. Bí linn le haghaidh píosa cainte ar stair na mbád i gCloch na Rón le Cóilín Ó hIarnáin & ceardlann amhránaíochta le Caitríona Ní Cheannabháin. 🗓️20/05/2026 ag 2:00pm - 3:30pm in Ionad Pobail Cloch na Rón. Fáilte roimh chuile dhuine. 😊➡️ don leagan Béarla (➡️ English version)

06/05/2026

FÓGRA: Síneadh ama curtha leis an sprioc-am!

Tá go dtí an 15 Bealtaine agat anois chun iarratas a dhéanamh ar intéirneacht linn in institiúidí an Aontais Eorpaigh.

Tá na sonraí uile le fáil, an fhoirm iarratais san áireamh, ach cliceáil ar an nasc seo: https://ionadbarrfeabhais.ie/inteirneachtai/

06/05/2026

📢 Scéim Tacaíochta | Teastas i Múineadh na Gaeilge (Ar Líne)

Tá Údarás na Gaeltachta, i gcomhpháirtíocht le Lárionad na Gaeilge, Ollscoil Mhá Nuad, ag cur scéim tacaíochta ar fáil do theagascóirí Gaeilge sa Ghaeltacht nó dóibh siúd gur mian leo ranganna Gaeilge a theagasc sa Ghaeltacht chun an Teastas i Múineadh na Gaeilge (Ar Líne) a bhaint amach - cáilíocht Leibhéal 6 i modheolaíochtaí múinte na Gaeilge.

🎓 Cúrsa páirtaimseartha ar líne | Meán Fómhair 2026 – Bealtaine/Meitheamh 2027 ✅ Oiriúnach do gach leibhéal taithí - níl aon taithí ná cáilíocht teagaisc de dhíth 📋 Scrúdú iontrála: 25-27 Bealtaine 2026

Cé dóibh? Teagascóirí ar Phainéal Teagascóirí an Údaráis, teagascóirí le Ceanneagraíochtaí Pleanála Teanga, nó duine ar bith ar mian leo ranganna Gaeilge a theagasc sa Ghaeltacht.

👉 Líon an fhoirm léirithe spéise roimh an 13ú Bealtaine 2026: https://forms.cloud.microsoft/e/CWDK2W0GJ0

ℹ️ Tuilleadh eolais: https://www.maynoothuniversity.ie/larionad-gaeilge-centre-irish-language/teastas-ar-l-ne-i-m-ineadh-na-gaeilge-d-aosaigh

📧 Má tá aon cheist agat faoin scéim seo, déan teagmháil linn ag [email protected]. Le haghaidh ceisteanna faoin chúrsa féin, is féidir teagmháil a dhéanamh le [email protected].

Scaip an scéal! 🗣️

Address

Teach An Údaráis, Carna
Co. Na Gaillimhe

Opening Hours

Monday 9am - 5pm
Tuesday 9am - 5pm
Wednesday 9am - 5pm
Thursday 9am - 5pm
Friday 9am - 5pm

Alerts

Be the first to know and let us send you an email when Pleanáil Teanga Chonamara Láir posts news and promotions. Your email address will not be used for any other purpose, and you can unsubscribe at any time.

Shortcuts

Share