07/04/2026
Cén cleachtas is cé na nósanna a bhain leis an gCarghas agus leis an gCáisc in Éirinn go traidisiúnta? Caitear súil ar an gceist sin sa mblagmhír is déanaí ar bhlag Gaois agus ábhar ón bPríomhbhailiúchán Lámhscríbhinní á chíoradh.
Léigh anseo:
An Carghas agus an Cháisc sa bPríomhbhailiúchán Lámhscríbhinní
Tugtar spléachadh ar ábhar ón bPríomhbhailiúchán Lámhscríbhinní a bhaineann leis an gCarghas agus leis an gCáisc sa bhlagmhír seo.
01/04/2026
Féilí na Bliana - Lá na nAmadán
https://www.duchas.ie/ga/cbes/4622968/4618229/4628654
Sé lá na nAmadán an chéád lá d'Aibreán. Bíonn na daoine ag déanamh amadán dá chéile an lá sin. Deireann síad le chéile, "Féach an fear atá ag dul anoir an bóthar". Má bhreathnaíonn aon duine soir tugtar, "Amadán Aibreáin" air. Bíonn na gasúir ag leanacht na seandaoine in gach uile áit ag iarraidh amadán a dhéanamh díobh.
23/03/2026
20 new manuscripts from the Main Manuscript Collection are now digitized, indexed and available on duchas.ie.
More information:https://www.gaois.ie/assets/pdf/26.03.23-Duchas-PB-Mar-EN.pdf
23/03/2026
Tá 20 imleabhar nua as an bPríomhbhailiúchán Lámhscríbhinní digitithe, innéacsaithe agus ar fáil ar duchas.ie anois.
Tuilleadh eolais:https://www.gaois.ie/assets/pdf/26.03.23-Duchas-PB-Mar-GA.pdf
18/02/2026
Féilte na Bliana
https://www.duchas.ie/ga/cbes/4613704/4610636/4626216
Tosnaíonn an Carghas ar Chéadaoin an Luaithrigh. La mór troscadh é Céadaoin an Luaithrigh. Deirtear go bhfágtar an leanbh ins an gcliabháin gan deoch bainne a thabhairt dhó, an lá sin, go gcaoinfeadh sé trí huaire. Is maith le gach duine rud eicínt a dhéanamh i rith an Charghais, mar is am le píonós a dhéanamh is eadh é. Bíonn cuid de na daoine agus na páiste scoile ag troscadh ar mhilseán agus rudaí eile. Domhnach Cásca sin lá deiridh an Charghais.
Bailitheoir: Máire Breathnach
Faisnéiseoir: Tomás Breathnach
An Dún, Co. na Gaillimhe
17/02/2026
Máirt na hInide
https://www.duchas.ie/ga/cbe/9001021/7269022/9103890
Bíonn fleadh agus féasta um thráthnóna. Fágtar roinnt pancóg nó prátaí beirbhthe agus flúirse dí le haghaidh na sióg.
15/12/2025
26 new manuscripts from the Main Manuscript Collection are now digitized, indexed and available on duchas.ie.
More information:https://www.gaois.ie/assets/pdf/25.12.15-Duchas-PB-Nol-EN.pdf
15/12/2025
Tá 26 imleabhar nua as an bPríomhbhailiúchán Lámhscríbhinní digitithe, innéacsaithe agus ar fáil ar duchas.ie anois.
Tuilleadh eolais:https://www.gaois.ie/assets/pdf/25.12.15-Duchas-PB-Nol-GA.pdf
10/11/2025
An Fhéile Mártan
https://www.duchas.ie/ga/cbe/9002394/7347762/9127528
Faisnéiseoir: Micheál a' Ráighne, Leitir Calaidh, Co. na Gaillimhe